An Chróit
An Chróit | |||||
---|---|---|---|---|---|
Republika Hrvatska (hr) Hrvatska (hr) | |||||
|
|||||
Aintiún | Lijepa naša domovino | ||||
Mana | «Full of life» «Llawn bywyd» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Ságrab | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 3,871,833 (2021) | ||||
• Dlús | 68.41 hab./km² | ||||
Déamainm | Crótach | ||||
Teanga oifigiúil | an Chróitis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Oirdheisceart na hEorpa Aontas Eorpach stáit Iar-Iúgslavacha Deisceart na hEorpa Limistéar an euro (2023–) Limistéar Schengen (2023–) | ||||
Achar dromchla | 56,594 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Aidriad agus an Mheánmhuir | ||||
Pointe is airde | Sinjal (en) (1,831 m) | ||||
Pointe is ísle | Muir Aidriad (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Poblacht Shóisialach Chónaidhme na hIúgsláive, Socialist Republic of Croatia (en) agus Eastern Slavonia, Baranja and Western Syrmia (en) | ||||
Cruthú | 25 Meitheamh 1991 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Cróite | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na Cróite | ||||
• Uachtarán na Cróite | Franjo Tuđman (1990–1999) | ||||
• Príomh-Aire na Cróite | Andrej Plenković (2016–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 68,843,674,641 $ (2021) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .hr | ||||
Glaochód | +385 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 192, 93 agus 94 | ||||
Cód tíre | HR | ||||
Cód NUTS | HR0 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | vlada.hr |
Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea an Chróit, arb iar-Phoblacht de chuid na hIúgslaive í sna Balcáin. Is í Ságrab an phríomhchathair agus an chathair is mó. Bhain an tír amach an neamhspleáchas sa bhliain 1991. Is í an Chróitis an teanga oifigiúil, agus is ceann de na teangacha Slavacha Deisceartacha í.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig na treibheacha Slavacha go dtí an Phannóin agus an Dalmáit, na proibhinsí Rómhánacha, sa seachtú haois. Bhí a gcuid contaetha nó prionsachtaí beaga faoi smacht éigin ag na Frainc nó ag an mBiosáintiam. Sa bhliain 925, bhain an Chróit amach neamhspleáchas mar ríocht, ach sa bhliain 1102, thit an tír leis an Ungáir ar chúiseanna an chomharbais. Mar sin féin, choinnigh an Chróit a stádas mar ríocht ar leith, nó bhí Sabor, sórt parlaiminte nó dála, dá cuid féin aici, chomh maith le huasaicme Chrótach agus forais shochúla eile.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an Chróit suite i ndeisceart na hEorpa, san áit a bhfuil an Eoraip láir, an Mheánmhuir agus na Balcáin ag teacht le chéile[1]. Tá an tír suite in aice leis an Slóivéin, an Ungáir, an Bhoisnia-Heirseagaivéin, an Seirbia agus le Montainéagró, ar an gcósta Aidriadach.
Tá níos mó ná 1000 oileán ag an gcósta. Bíonn ag an tír ar a meascán de lochanna, imeallbhord creagach agus coillte.
Soir ón gcósta, i lár tíre, tá na Sléibhte Dinearacha ag síneadh ó thuaidh is ó theas. Tá na sléibhte sin ag scaradh mhachaire an chósta thiar ó imchuach na hUngáire thoir. Tá an bhinn is airde sa tír suite ar an teorainn leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus tá sí 1, 831m ar airde. Titeann breis is 3, 500mm báistí gach bliain sna sléibhte, le hais 600 mm ar an gcósta. Is iondúil go mbíonn go leor leor sneachta sna sléibhte sa gheimhreadh, rud a mheallann lucht sciála agus lucht clár sneachta ina dtáinte.
Tá ocht gcinn de pháirceanna náisiúnta sa Chróit. Tá Páirc Náisiúnta Lochanna Plitvice ar an gceann is sine díobh agus is Láithreán Oidhreachta Domhanda í. Tá sí lán lochanna, easanna agus pluaiseanna agus cónaíonn béir, mic tíre agus go leor cineálacha éin neamhchoitianta inti.
Nádúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá oiread le 100,000 speiceas ainmhithe, éisc agus plandaí sa Chróit.
Is ón gCróit an madra a dtugtar 'dalmátach' air. Is as cósta na Dalmáite sa Chróit don dalmátach, an madra bán atá breac le spotaí dubha. An chéad fhianaise atá againn den sórt sin madra, tá sí le fáil in olaphictiúr den 17ú haois atá ar taispeáint i mainistir sa Dalmáit
Contaetha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an Chróit comhdhéanta as contae (županija) amháin is fiche. Is iad na contaetha seo a leanas.
Contae | Príomhchathair | Achar (cm2) | Daonra de réir daonáireamh 2011 |
---|---|---|---|
Bjelovar-Bilogora | Bjelovar | 2,652 | 119,743 |
Brod-Posavina | Slavonski Brod | 2,043 | 158,559 |
Dubrovnik-Neretva | Dubrovnik | 1,783 | 122,783 |
Istria | Pazin | 2,820 | 208,440 |
Karlovac | Karlovac | 3,622 | 128,749 |
Koprivnica-Križevci | Koprivnica | 1,746 | 115,582 |
Krapina-Zagorje | Krapina | 1,224 | 133,064 |
Lika-Senj | Gospić | 5,350 | 51,022 |
Međimurje | Čakovec | 730 | 114,414 |
Osijek-Baranja | Osijek | 4,152 | 304,899 |
Požega-Slavonia | Požega | 1,845 | 78,031 |
Primorje-Gorski Kotar | Rijeka | 3,582 | 296,123 |
Sisak-Moslavina | Sisak | 4,463 | 172,977 |
Split-Dalmáit | Split | 4,534 | 455,242 |
Šibenik-Knin | Šibenik | 2,939 | 109,320 |
Varaždin | Varaždin | 1,261 | 176,046 |
Virovitica-Podravina | Virovitica | 2,068 | 84,586 |
Vukovar-Syrmia | Vukovar | 2,448 | 180,117 |
Zadar | Zadar | 3,642 | 170,398 |
Contae Ságrab | Ságrab | 3,078 | 317,642 |
Cathair Ságrab | Ságrab | 641 | 792,875 |
Eacnamaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an-tóir ag turasóirí ar an gCróit, lena haeráid, an mheánmhara agus lena cósta fada (a bhfuil os cionn míle oileán amach uaidh),
Daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cultúr na Cróite fite fuaite i stair fada, suaite agus éagsúil na tíre as a dtáinig raon mór séadchomharthaí, ealaíon agus eolaíocht.
- Tá seacht Láithreáin Oidhreachta Domhanda sa Chróit agus 8 páirc náisiúnta.
- Tagann an mír éadach coiteann (agus an focail) Carbhat ón gCróit.
- Tá neart cultúir domhanda ag teacht ón gCróit: scríbhneoirí, ceoltóirí, péinteoirí, dealbhóirí, ailtrí, eolaithe, agus fealsúnaí.
- Tá duais Nobel buaite ag triúr as an gCróit: Vladimir Prelog agus Lavoslav Ružička sa cheimic, agus Ivo Andrić (Duais Nobel na Litríochta).
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá neart luthcleasaí den scoth ón gCróit. Tá gnaoi an phobail air ach go háirithe ar na foirne liathróid de bharr na torthaí maithe atá tuilte acu mar shampla sacair, liathróid láimhe, cispheil agus póló uiusce.
Sacar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an sacar an spórt is mó a imrítear sa Chróit, agus tá go leor Crótach, leithéidí Luka Modrić, ag imirt le clubanna mór le rá san Eoraip.
- An éacht is mó a bhain foireann sacair na Cróite amach ná bonn cré-umha a bhuachaint i gCorn Sacair an Domhain sa Fhrainc sa bhliain 1998. Bhuaigh Davor Šuker an buatais óir mar ardscórálaí an chomórtais.
- Is é Dinamo Zagreb an t-aon club sacair cróitise a bhuaigh corn Eorpach; Corn Aonaigh idir-cathracha, a bhí ann roimh Corn UEFA sa bhliain 1967.
- Tá cáil chomh maith ar an club sacair ó Split, Hajduk Split atá ar cheann de na clubanna is ráthúla sa Chróit, chomh maith leis sin d'imigh siad níos faide ná aon club eile i Sraith na gCuradh, an cheathrú cheannais.
Liathróid láimhe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an-tóir ar an liathróid láimhe. Bhí foireann liathróid láimhe na Cróite mar buaiteoirí ag cluichí Oilimpeacha Atlanta agus na hAithne. Chomh maith leis sin bhuaigh siad Croabhchomórtas an Domhain sa bhliain 2003.
Póló uisce
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an-tóir ar an bpóló uisce freisin, agus bhí an Chróit ina curadh oilimpeach sa dá spórt sin.