Amhaire
Cuma
Is saghas callaire é an t-amhaire atá oiriúnach chun fuaim ar mhinicíocht íseal nó dordfhuaim a chruthú. Trastomhas mór ag a chón, 25 cm nó níos mó. Cosúil le láimhseáil tribilfhuaime le trílire i gcóras ard-dílseachta, úsáidtear ciorcad trasach chun an chuid chuí de speictream an fhuaimchomhartha ghinearálta a sholáthar dó.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Amhaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 35.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |