Jump to content

Agnes Mary Clerke

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAgnes Mary Clerke

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Feabhra 1842
An Sciobairín Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Eanáir 1907
64 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmréalteolaí, scríbhneoir eolaíochta, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
SiblínEllen Mary Clerke
Gradam a fuarthas

Réalteolaí agus scríbhneoir Éireannach ab ea Agnes Mary Clerke (10 Feabhra 1842 – 20 Eanáir 1907). Rugadh í sa Sciobairín i gContae Chorcaí, Éire, agus fuair sí bás i Londain. Fuair sí bás den niúmóine i 1907 ina teach i South Kensington.[1]

Agnes Mary Clerke

Rugadh Agnes Mary Clerke i Sciobairín, baile beag i gcuid iargúlta de gContae Chorcaí sa bhliain 1842[2]. Ba í Agnes Mary Clerke an dara leanbh a rugadh ar an 10 Feabhra 1842 ag John William Clerke, a bhí ina bhainisteoir ar an mBanc Cúige sa Sciobairín, agus ag Catherine Mary Deasy. Rinne John William Clerke staidéar ar na clasaicí, chomh maith le matamaitic agus réalteolaíocht, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. I gColáiste na Tríonóide bhí sé cairde le Rickard Deasy. Tríd an gcairdeas seo, bhuail sé le deirfiúr Rickard, Catherine agus phós siad ar 9 Iúil 1839. Bean intleachtúil a bhí i máthair Agnes, Catherine, le buanna suntasacha ceoil ag seinm an phianó agus na cruite. Ba Phrotastúnaigh iad muintir Clerke agus Caitlicigh Rómhánacha iad muintir Deasy. [1]

Bhí na trí páiste - Ellen Mary ( a rugadh ar an 26 Meán Fómhair), Agnes Mary agus Aubrey St John (a rugadh I Mí Aibreáin 1843) - uilig tugadh suas mar Caitlicigh, agus bhí mar ball gníomhach thar barr dá eaglais tríd a saoil. [3]

Bhí oideachas faighte ag a máthair ag Clochar Ursuline, agus mar sin chuir sí an-tábhacht ar oideachas cailíní óga[4]. In éineacht lena deirfiúr níos sine Ellen, fuair Agnes oideachas sa bhaile ón a tuismitheoirí. Fiú go luath léirigh sí suim mhór i stair na réalteolaíochta agus na matamaitice. Nuair a bhí sí cúig bliana déag d’aois thosaigh sí ar a stair réalteolaíochta féin a scríobh. Bhí teileascóp 4 orlach ag athair Agnes agus d'fhás sí aníos ag breathnú go rialta ar fháinní Satarn agus ar ghealacha Iúpatair.

Bhog an teaghlach go Baile Átha Cliath nuair a bhí Clerke 19 mbliana d’aois nuair a d’athraigh a hathair gairm s’aige agus rinneadh cláraitheoir de sa chúirt dá dheartháir-céile Rickard Deasy a bhí ina Bhreitheamh Ard-Chúirte faoin am seo. Ag an am seo rinne Agnes staidéar ag leibhéal ollscoile ar ardmhatamaitic, ar fhisic agus ar réalteolaíocht á teagasc ag a deartháir Aubrey a bhí ag déanamh staidéir ar an matamaitic agus ar an bhfisic in Ollscoil Bhaile Átha Cliath.

Ag aois 25 chuaigh sí, lena deirfiúr Ellen, go dtí an Iodáil, áit ar chaith siad deich mbliana ina gcónaí i bhFlórans, áit a ndearna siad staidéar ar an eolaíocht agus fuair siad scileanna liteartha.

Encyclopædia Britannica, Aonú eagrán déag

Sa bhliain 1877 chuaigh na deirfiúracha go Londain, áit ar tháinig an teaghlach le chéile arís. Thosaigh Clerke ag foilsiú an bhliain sin nuair a foilsíodh a cuid alt “Brigandage in Sicily agus Copernicus” san Iodáil san Edinburgh Review, an bheirt scríofa le linn a cuid ama san Iodáil. Phléigh an chéad cheann ardú an Mhaifia agus phléigh an dara ceann smaointe réamh-choparnaiceach san Iodáil. Ba iad seo an chéad cheann de 55 alt a d’fhoilsigh sí san Edinburgh Review.[5]

Scríobh Clerke ailt do chiclipéid eile mar an t-alt Astronomy for the Catholic Encyclopaedia. Ach b’fhéidir go bhfuil aithne uirthi mar gheall ar A Popular History of Astronomy i rith an Naoú hAois Déag. Athbhreithníodh an téacs seo trí huaire le haghaidh ceithre eagrán éagsúla le linn shaolré Clerke, an ceann deireanach i 1902.[5]

Chuir sí an príomhalt ar stair na réalteolaíochta agus beathaisnéisí tríocha réalteolaí leis an aonú eagrán déag den Encyclopaedia Britannica.[6]

  • Acton Prize (1892)
  • Royal Astronomical Society (1903).[7]
A popular history of astronomy during the nineteenth century - Agnes Mary Clerke
  • A Popular History of Astronomy during the Nineteenth Century (1885)
  • The System of the Stars (1891)
  • The Herschel and Modern Astronomy (1895)
  • Problems in Astrophysics (1903)
  • Modern Cosmogonies (1906)
  • Freelance astronomy writer (1877–1907)[8]

Bhí dlúthchaidreamh ag Clerke leis an Institiúid Ríoga, áit ar fhreastail sí ar léachtaí eolaíochta go rialta. Sa bhliain 1893, bhronn an Institiúid an Actonian Prize uirthi, duais iomráiteach a bhronntar gach dhá bhliain ar shaothar a léiríonn ‘eagna agus tairbhe an Uilechumhachtaigh’ san eolaíocht.

Toghadh í ina Comhalta den Institiúid Ríoga i 1902.[9]

Tá an cráitéar gealaí Clerke ainmnithe ina diaidh.

Sa bhliain 2002, scríobh Mary Brück "Agnes Mary Clerke and Rise of Astrophysics."[10]

Sa bhliain 2017, bhunaigh an Cumann Réalteolaíoch Ríoga an Agnes Clerke Medal do Stair na Réalteolaíochta nó na Geoifisice, a bhronntar ar dhaoine aonair a bhfuil taighde den scoth déanta acu ar stair na réalteolaíochta nó na geoifisice.[11] Ba é Clive Ruggles an chéad fhaighteoir.

  1. 1.0 1.1 "Agnes Mary Clerke - Biography" (en). Maths History. Dáta rochtana: 2023-12-04.
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". academic.oup.com. Dáta rochtana: 2023-12-05.
  3. M. T. Brück (2002-05-09). "Agnes Mary Clerke and the Rise of Astrophysics" (as en). Cambridge University Press. 
  4. "Irish Female Scientists You Should Know".
  5. 5.0 5.1 "Agnes Mary Clerke - Biography" (en). Maths History. Dáta rochtana: 2023-12-05.
  6. "Clerke, Agnes Mary". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2023-12-04.
  7. "Clerke, Agnes Mary (1842–1907) | Encyclopedia.com". www.encyclopedia.com. Dáta rochtana: 2023-12-04.
  8. "Clerke, Agnes Mary (1842–1907) | Encyclopedia.com". www.encyclopedia.com. Dáta rochtana: 2023-12-04.
  9. "Clerke, Agnes Mary | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-11-27.
  10. M. T. Brück (2002-05-01). "Agnes Mary Clerke and the Rise of Astrophysics". 
  11. "Maunder and Clerke medals". academic.oup.com. Dáta rochtana: 2023-11-27.