Accenture
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | gnó cuideachta phoiblí comhlacht comhairliúcháin ![]() | ||||
Réimse oibre | information technology consulting (en) ![]() ![]() ![]() | ||||
Foirm dlí | Teoranta ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1989, Hamilton ![]() | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Fondúireacht Linux German-Swiss Chamber of Commerce (en) ![]() JS Foundation (en) ![]() Deutsche Gesellschaft für Wehrtechnik ![]() | ||||
Stocmhalartán | (NYSE ACN) ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Julie Sweet (2019–) ![]() | ||||
Líon fostaithe | 733,000 (2023) ![]() | ||||
Fochomhlacht | Accenture (en) ![]() Fondation d'entreprise ACCENTURE (en) ![]() Accenture France (en) ![]() Avanade (en) ![]() Accenture (Switzerland) (en) ![]() Accenture (Norway) (en) ![]() Accenture (United Kingdom) (en) ![]() Accenture (United States) (en) ![]() Accenture GmbH (en) ![]() ![]() | ||||
Úinéir de | |||||
Cuid de | S&P 500 ![]() | ||||
Táscaire eacnamaíoch | |||||
Ioncam iomlán | 61,594 M$ (2022) ![]() | ||||
Glanbhrabús | 6,877 M$ (2022) ![]() | ||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | accenture.com ![]() | ||||
Is comhlacht seirbhísí comhairleacha, bunaithe i mBaile Átha Cliath, é Accenture plc. Is i mBaile Átha Cliath atá a gceanncheathrú in ainm a bheith,[1] ach tá an comhlacht liostálaithe ar an NYSE:mar ACN. Cuireann Accenture seirbhísí ar fáil do bhancanna, eagrais stáit agus mórchuideachtaí tionsclaíochta agus cógaisíochtaí ar fud na cruinne.[2]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/50/AccentureNYSE.jpg/220px-AccentureNYSE.jpg)
Gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8a/Accenture_%2819179820336%29.jpg/220px-Accenture_%2819179820336%29.jpg)
Sa bhliain 2007, bhí breis is 175,000 duine i 49 tír fostaithe ag Accenture, agus ghin an comhlacht glanioncam de US$20 billiún. I dtús na bliana 2023, bhí 738,000 duine ag obair ann[3] agus glanioncam de US$62 billiún.[4]
D'fhógair Accenture ar 23 Márta 2023 go raibh 2.5% den fhoireann dhomhanda le ligean chun siúil acu, nó 19,000 duine. Léiriú ab ea é sin ar an drogall a bhí ar chorparáidí móra, i bhfianaise na héiginnteachta eacnamaíochta a bhí ann sa bhliain 2023, airgead a chaitheamh ar na seirbhísí comhairleacha a chuireann leithéidí Accenture ar fáil.[5]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/45/Julie_Sweet_at_the_World_Economic_Forum.jpg/220px-Julie_Sweet_at_the_World_Economic_Forum.jpg)
Bhí na cuideachta seirbhísí buailte go dona ag an ngearradh siar sa bhliain 2022/2023 ag mórchuideachtaí teicneolaíochta ar nós Meta srl. Bhí - agus tá - na mílte fostaí ag Accenture ag feidhmiú mar a bheadh seachfhoinsithe – curtha amach ag obair ar chonradh – le ollchuideachtaí teicneolaíochta cosúil le Meta agus Microsoft.
Accenture in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dtús na bliana 2023, bhí thart ar 6,500 duine fostaithe ag an gcomhlacht in Éirinn agus d'fhógair Accenture go raibh siad le suas le 400 ball foirne in Éirinn a ligean chun siúil as a gcuid postanna. Ach ar 31 Iúil, d'fhógair an comhlacht go raibh beagnach 900 duine ag imeacht [2].
Sin 14% den 6,500 atá fostaithe acu sa tír.
Accenture agus an Ghaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Iúil 2007 bunaíodh Cumann Gaelach Accenture, chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chomhlacht.[7] Bhí breis is 250 duine cláraithe mar bhaill, ceann de na grúpaí sóisialta is mó i Accenture in Éirinn.
Sa bhliain 2023, ní raibh focal ar bith as Gaeilge le fail ar shuíomh Accenture.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Accenture Newsroom: Accenture Announces Proposed Change of Incorporation to Ireland". web.archive.org (2011-07-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-20. Dáta rochtana: 2023-03-24.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-07-31). "890 le ligean chun siúil ag Accenture" (as ga).
- ↑ 3.0 3.1 "About Our Company | Accenture" (en). www.accenture.com. Dáta rochtana: 2023-03-24.
- ↑ "Accenture revenue by region 2022" (en). Statista. Dáta rochtana: 2023-03-24.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-03-23). "Accenture le suas le 400 oibrí in Éirinn a ligean chun siúil" (as ga).
- ↑ "Julie Sweet" (as en) (2023-03-09). Wikipedia.
- ↑ Lá Nua - Alt faoi Cumann Gaelach Accenture, Gaelport, 24 Ean 2008
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Accenture Announces Proposed Change of Incorporation to Ireland newsroom.accenture.com 26/05/09 Aisghabháil: 06/09/10