Jump to content

Tenochtitlán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 11:55, 13 Lúnasa 2023 le HusseyBot (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTenochtitlán

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 19° 26′ 06″ N, 99° 07′ 53″ O / 19.435°N,99.1314°W / 19.435; -99.1314
Daonra
Iomlán212,500 (15 haois) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús16,346.15 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deImpireacht na nAstacach Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla13 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Bunaitheoir(í)Mexica Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthúc. 1 Márta 1325
Díscaoileadh13 Lúnasa 1521
Á leanúint agCathair Mheicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht Cuir in eagar ar Wikidata

Ba chathair ársa sa ghleann láir i Meicsiceo í Tenochtitlán, príomhchathair impireacht na nAstacach. Bunaíodh í timpeall 1345. Bhí an chathair lonnaithe ar oileán i lár Loch Texcoco. Bhí idir 200,000 is 300,000 duine ina gcónaí ann nuair a tháinig na Spáinnigh faoi stiúir Hernán Cortés ar an áit i 1520.

Samhail - Tenochtitlán

Bhí ar na Spáinnigh teitheadh ón chathair ar an 30 Iúil 1520, an oíche ar a dtugtar noche triste nó oíche brónach. Tháinig siad ar ais i 1521 agus ghabh Cortés an chathair tar éis léigear 3 mhí agus ghabh sé Cuauhtémoc, ceannaire na nAstacach. Scrios na Spáinnigh an chathair is bhunaigh siad Cathair Mheicsiceo ar an áit.