Cáithnín fonúicléach a iompraíonn an fórsa núicleach lag idir cáithníní cóngaracha. Neodrach ó thaobh luchta, guairne 1. Tá páirt ag an bhfórsa lag seo sa radaighníomhaíocht. Réamhinsíodh go raibh a leithéid de cháithnín ann ó theoiric Glashow-Weinberg-Salam, agus go nginfí iad dá n-imbhuailfeadh leictreoin dhiúltacha i gcoinne posatrón dearfach. Bósón ollmhór atá ann, 100 oiread níos mó ná prótón, le mais beagnach chomh mór le mais adamh airgid. Ceaptar go raibh sé flúirseach sa luath-Chruinne. Freagraíonn na Z-cháithníní do na buntuiscintí ar conas a cheanglaíonn na cáithníní bunúsacha go léir le chéile. Déantar na turgnaimh seo le luasairí cáithníní, mar atá i CERN sa Ghinéiv mar ar cruthaíodh iad go saorga den chéad uair i 1983. Díscaoileann sé ina leictreon is ina phosatrón, ina mhuón is ina fhrithmhúón, nó ina neoidríonó is ina fhrithneoidríonó. Tá tuilleadh turgnamh ar siúl chun airíonna eile na Z-cháithníní a dhéanamh amach.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.