Teirmiméadar
Feiste chun teocht a thomhas is ea teirmiméadar.
Teirmiméadar Galileo
cuir in eagarD’airg Galileo an chéad teirmiméadar riamh san 17ú haois.[1] Rinne Galileo teirmiméadar as bolgán gloine a bhí lán le huisce. Ghluais an t-uisce suas síos sa bholgán de réir mar a d’athraigh an teocht.
Is feadán séalaithe é teirmiméadar Galileo. Tá leacht trédhearcach ann. Tá bolgáin bheaga istigh san fheadán. Tá leacht daite sna bolgáin seo. Tá lipéad ar gach bolgán agus teocht áirithe marcáilte air, m.sh 18°C nó 20°C. De réir mar a athraíonn an teocht sa seomra, ardaíonn nó íslíonn na bolgáin san fheadán. Chun teocht an tseomra a léamh, léann tú an lipéad atá ar an mbolgán is ísle san fheadán.
Teirmiméadar mearcair
cuir in eagarSa teirmiméadar mearcair i ngloine, nuair a éiríonn an teocht forbraíonn an mearcair níos mó ná an ghloine, agus ritheann mearcair suas an feadán grádaithe. Bíonn na gráduithe marcáilte le luachanna teochta (i gcéimeanna Celsius de ghnáth) a dheimhnítear ag teochtaí atá ar eolas trí phróiseas calabraithe (grádaithe). D'fhionn Gabriel Fahrenheit an chéad teirmiméadar rathúil mar seo sa bhliain 1714.
Tá an teirmiméadar alcóil i ngloine cosúil leis an teirmiméadar mearcair.
Teirmiméadar infridhearg
cuir in eagarTá teirmiméadair infridhearga éagsúla i ngnáthúsáid inniu.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ cogg.ie. "Eureka 4-20". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-07. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teirmiméadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 657.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |