Gaiméit
Cill atáirgthe ar leith a chónascann le gaiméit eile den ghnéas eile le linn toirchithe chun siogóit amháin a chruthú. Bíonn na gaiméití haplóideach, le sraith crómasóm amháin, agus an siogóit dioplóideach, le sraith péirí crómasóm, ceann de gach péire ó cheann de na gaiméití. De ghnáth, bíonn na gaiméití idirdhealaithe: gaiméit fhireann (an speirm a bhíonn soghluaiste, gan mórán cíteaplasma) agus gaiméit bhaineann (an ubh nó an t-ubhán, doghluaiste le han-chuid cíteaplasma is roinnt miteachointrí, de réir cineáil).[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gaiméit". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 299.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |