Caergybi

áit lonnaithe sa Bhreatain Bheag

An baile is mó i gcontae Ynys Môn in iarthuaisceart na Breataine Bige is ea Caergybi (Béarla: Holyhead). Is calafort mór é freisin in aice leis an Mhuir Éireann, ag freastal ar Éirinn.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCaergybi

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 19′ N, 4° 38′ O / 53.32°N,4.63°W / 53.32; -4.63
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta Aontaithean Bhreatain Bheag
Contaebhuirg na Breataine BigeInis Món
ComhphobalCymuned Caergybi Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistLL65 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinholyheadtowncouncil.com Cuir in eagar ar Wikidata

In ainneoin é a bheith ina bhaile is mó sa chontae, le daonra de 11,237 (daonáireamh 2001), ní hé baile an chontae é agus níl sé fiú ar an oileán 'Ynys Môn' ach ar Ynys Gybi (Béarla: Holy Island). Ar dtús báire, cheangail an droichead an Pontrhydybont (Béarla: Four Mile Bridge) é le Ynys Môn. I lár an 19ú haois, mhaoinigh an Tiarna Stanley, a bhí ina dhaonchara áitiúil, tógáil cabhsa níos mó ar a dtugtar ar go háitiúil "An Cob". Anois, iompraíonn sé an A5 agus an líne iarnróid. Ritheann an carrbhealach dúbailte A55 comhthreomhar leis an cob ar chabhsa nua-aimseartha.