1. Fußballclub Union Berlin

Cuir in eagar ar Wikidata


Is club sacair i mBeirlín sa Ghearmáin é 1. FC Union Berlin. Bunaíodh an club sa bhliain 1906 faoin ainm F.C. Olympia Oberschöneweide agus tugadh Union Oberschöneweide orthu sa bhliain 1920. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda bhí ainmneacha difriúla ar an gclub. Athbhunaíodh an club sa bhliain 1966 faoin ainm atá air inniu. B'iad an lucht leanúna a roghnaigh an t-ainm sin. Is iad dearg agus bán dathanna an chlub.

Bosca Sonraí Eagraíochta1. Fußballclub Union Berlin
(de) 1. Fußballclub Union Berlin e. V. Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

SonógRitter Keule (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
LeasainmEiserne agus The Iron Ones Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálclub sacair Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh20 Eanáir 1966
Gníomhaíocht
Ionad baileStadion An der Alten FörstereiTreptow-Köpenick (en) Aistrigh . 21,704  Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht27,785 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtDirk Zingler Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhchóitseálaíBo Svensson (2024–) Cuir in eagar ar Wikidata
Foireann
AFTV

Suíomh gréasáinhttps://www.fc-union-berlin.de/
Facebook: 1.FCUnionBerlin Twitter: fcunion Instagram: 1.fcunion LinkedIn: fc-union-berlin Youtube: UCexHeD0RsxZFZoKLhhR_IUQ TikTok: fcunion Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map
Éidí
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
As baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Tríú éide
Dathanna: Dearg - Bán

Imríonn an fhoireann a gcuid cluichí sa staid An der Alten Försterei (21,717 duine faoi láthair) in oirdheisceart Bheirlín. I séasúr 2008/09, nuathógtar cuid mhór den staid ag na céadta (timpeall 2,000) de lucht leanúna iad féin (gan aon phá) chun í a chur in oiriúint don lá inniu agus do na rialacha DFB um staideanna sa Ghearmáin. Dá bhrí seo, chaithfeadh Union a gcuid cluichí baile 2008/09 a imirt i staid Friedrich-Ludwig-Jahn-Sportpark i gceantar Prenzlauer Berg de Bheirlín. Nua-osclaíodh staid An der Alten Försterei ar an 8 Iúil 2009 le cluiche cairdeachais in aghaidh Hertha BSC. Sa séasúr seo chugainn, nuathógfar an príomhfhoirgneamh leis an bpríomhardán (suite) gan na cluichí rialta a bhriseadh.

Tar éis ceannchluiche um chorn DFB-Pokal 2000/01 a imirt in aghaidh Schalke 04 (0:2) bhí foireann na bhfear i dteideal chun páirt a ghlacadh i gcomórtas UEFA sa bhliain 2001/02 agus shroich siad an dara babhta. Imríonn Union sa dara sraith sacair na Gearmáine (Zweite Bundesliga), tar éis an séasúr 2008/2009 a chríochnú mar an chéad sheaimpín ariamh na 3ú sraith Ghearmánach, a bhí nuabhunaithe i samhradh 2008. Chríochnaigh siad an chéad séasúr dá gcuid faoi láthair sa dara sraith (.i. 2009/10) ar an 12ú háit (as 18). Sna séasúir ina dhiaidh sin shroich siad an 11ú, an 7ú agus arís an 7ú háit. Idir an dá linn nuathógtár ceathrú hardán na staide a bhfuil beagnach gach suíochán ar fad air. Tá an staid réite anois le haghaidh níos mó ná 21,700 duine (3,807 suíochán, 17,910 seasamh).

Stadion an der Alten Försterei, Beirlín, sular nuathógadh í
Stadion an der Alten Försterei, tar éis a nuathógadh í

Nasc seachtrach

cuir in eagar