Pór madra a saothraíodh sa tSín roimh 1000 RC. An cholainn trom le fionnadh tiubh is moing cosúil le moing leoin, an teanga gorm, an t-eireaball lúbtha thar a dhroim. Choinnítí iad i dteampaill, agus phóraítí iad le dreach chrua chun teitheadh a chur ar na hainspridí. Tugadh isteach san Eoraip sa 18ú céad é.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síolainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.