Hermann Weyl
matamaiticeoir Gearmánach
Matamaiticeoir a rugadh in Elmshorn na Gearmáine, a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe ó 1933 ab ea Hermann Weyl (9 Samhain 1885 - 8 Nollaig 1955). Chuidigh sé go mór le fealsúnacht na matamaitice, teoiric dromchlaí Riemann, teoiric samhlú grúpaí Lie, agus bunús matamaiticiúil na coibhneasachta is na meicnice candamaí a chur ar aghaidh. Chuir a leabhar cáiliúil Symmetrie (Siméadracht, 1952) síos ar an ngaol idir teoiric na ngrúpaí is siméadracht i bpatrúin is dearadh.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hermann Weyl". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 703.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |