Donnchadh Ó Laoghaire (ollamh)
Timire, scríbhneoir agus ollamh Éireannach ab ea Donnchadh Ó Laoghaire (21 Eanáir 1877 - 3 Aibreán 1944).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Eanáir 1877 Doire an Chuilinn, Éire |
Bás | 3 Aibreán 1944 67 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Lováin |
I nDoire an Chuilinn, Baile Bhuirne, a rugadh Donnchadh ar 21 Eanáir 1877. Le Gaeilge amháin a thóg a thuistí, Donnchadh Ó Laoghaire agus Peig Ní Bhuachalla, é. D’fhreastail sé ar Bardinch National School (Gaeilge: Scoil Bharr Duínse) áit ar múineadh daltaí go heisiach trí mheán an Bhéarla.
Bhí feirm bheag ag a mhuintir agus d'obair sé ann go dtí 1899 ach ó 1898 i leith bhí sé ag cur suime i scríobh na Gaeilge.
Fuair sé post sclábhaí i gCorcaigh le muintir Dwyer, Beamish & Crawford. B’fhéidir gurbh é Seán Ó Faoláin (Johnny Wayland), an píobaire cáiliúil a bhunaigh Cumann Píobairí Chorcaí in 1898, a d’áitigh air aistriú go Corcaigh. Ó Sheán a d’fhoghlaim sé an phíb uilleann. Ceoltóir maith a bhí ann. Sheinn sé ag Coirm Cheoil na Féile Pádraig i Halla na Banríona, Londain, in 1907. Ba mhaith a sheinneadh sé ar an gcláirseach agus ar an bhfliúit freisin. D’oireadh sé dá ghnó go minic dreas a sheinm i ndiaidh óráide ag feis nó le linn dó bheith ag timireacht. Bhí sé sách maith chun go n-iarrfaí go minic air craoladh ar Radio Éireann ó 1926 i leith.
I measc na leabhar a d’aistrigh sé ó Bhéarla go Gaeilge tá: Eachtraí an Ghiolla Mhóir (1936) (Swift); "an Impire agus a chuid éadaigh" (1939) (Grimm agus Anderson); agus "Ceol" (1939) (Anderson); An Fáinne Draoidheachta (1939); agus Lios na Sídhe (1939). D'aistrigh sé La Perle noir le Victorien Sardou ón bhFraincis go Gaeilge (1952).
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó LAOGHAIRE, Donnchadh (1877–1944) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.