Edith Wilson
Dara bean chéile Woodrow Wilson, uachtarán na Stát Aontaithe, ab ea Edith Bolling Galt Wilson (10 Deireadh Fómhair 1872 – 28 Nollaig 1961). Bhí sí ina Céad-bhean ar an tír ó 1915 go 1921. Chuir sise agus Woodrow Wilson aithne ar a chéile i mí Márta na bliana 1915 agus phós siad naoi mí ní ba dhéanaí. I ndiaidh an stróc mór a bhuail Woodrow i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1919, scrúdaigh sí gach cáipéis dár cuireadh chuig an uachtarán agus roghnaigh sí cé acu díobh le cur faoina bhráid ina móimintí meabhracha. Dhéanadh sí é seo agus rudaí eile in éineacht le príomhchúntóir an uachtaráin agus i ngan fhios don saol mhór. Ise an t-aon bhean i stair Mheiriceá a chuaigh i gceannas ar bhrainse feidhmiúcháin rialtas na tíre, fiú murar thuig ach dornán daoine cad a bhí ar siúl aici.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Edith Bolling 15 Deireadh Fómhair 1872 Wytheville, Virginia |
Bás | 28 Nollaig 1961 89 bliana d'aois Washington, D.C. |
Siocair bháis | Cliseadh croí |
Áit adhlactha | Washington National Cathedral (en) |
Céadbhean na Stát Aontaithe | |
18 Nollaig 1915 – 4 Márta 1921 ← Ellen Axson Wilson – Florence Harding → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | an Páirtí Daonlathach |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Norman Galt (1896–1908), bás a c(h)éile Woodrow Wilson (1915–1924), bás a c(h)éile |
Athair | William Holcombe Bolling agus Sally White |
Gradam a fuarthas | |
Rugadh Edith isteach i dteaghlach de scothaicme Virginia. Ba de shliocht Pocahontas agus John Rolfe í. Deirfiúr le Thomas Jefferson ab ea sin-seanmháthair léi. Bhí Martha Washington agus Robert E. Lee ar a sinsir freisin.