Ríomhphost gréasáin
Cuma
(Athsheolta ó Ríomhphoist gréasáin)
| |
Cuirtear ríomhphost gréasáin ar fáil trí láithreán gréasáin. Ligeann sé d’úsáideoirí seoladh ríomhphoist a bheith acu ar an láithreán le teachtaireachtaí ríomhphoist a léamh agus a scríobh mar mhalairt ar chliant ríomhphoist a úsáid. Coinnítear na teachtaireachtaí ar fhreastalaí gréasáin rud a chiallaíonn:
- nach gá don úsáideoir ríomhaire dá gcuid féin a bheith acu le ríomhphost a úsáid
- gur féidir ríomhphost a úsáid áit ar bith ar domhan a bhfuil ríomhaire le ceangal Idirlín ar fáil (ceann de na húsáidí is mó a bhaintear as caifé Idirlín is ea le haghaidh ríomhphost gréasáin a sheiceáil)
Bíonn ríomhphost gréasáin ar fáil ó leithéidí Yahoo Mail, Hotmail nó GMail agus bíonn seirbhísí difriúla ar fáil don úsáideoir trí na comhlachtaí sin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin ríomhaireacht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |