Jump to content

Lugh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó )
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLugh

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldia na toirní
dia na gréine
carachtar i miotaseolaíocht na nGael
dia de chuid na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharTáin Bó Cúailnge, Leabhar Gabhála na hÉireann agus Cath Maighe Tuireadh Cuir in eagar ar Wikidata
Miotaseolaíochtmiotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LánúinDeichtine Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairEthniu Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCian mac Dían Cecht Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíCú Chulainn Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid deTuatha Dé Danann Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir deAonbhárr, Fáil Inis agus Fragarach Cuir in eagar ar Wikidata
Díríonn “Lú” anseo. Má tá suim agat sa chontae, féach Contae Lú.

I Miotaseolaíocht na nGael, ball de na Tuatha Dé Danann agus ar cheann de na déithe is iomráití é (Sean-Ghaeilge Lugh, Lug; freisin Luat[1]).[2] Cuirtear Lugh i láthair mar rí, gaiscíoch, saor agus laoch.[3]

Tá baint ar leith ag Lugh le cumas agus sároilteacht in iliomad cleachtaí, ina measc, na healaíona,[4] chomh maith le mionnaí, fírinne agus an dlí,[3] agus dá bharr le ríogacht dlisteanach.[5] Tá féile an fhómhair, Lughnasadh, ainmnithe as, maraon leis an mí, Lúnasa.[6]

Bhí roinnt maoine draíochta ag Lugh. Bheartaigh sé sleá dhochlóite, crann tabhaill, agus bhí cú aige darbh ainm Failinis. Deirtear gur cheap sé an bordchluiche, fidchell, cluichí peile agus rásaí capall.[7]

Dia tríshleasach, "Lugus", iarsmalann Carnavalet, Páras.

Níltear ar aon intinn maidir le brí an ainm Lugh. Molann roinnt scoláirí go bhfuil sé fréamhaithe ar deireadh ón bPrót-Ind-Eorpais *(h2)lewgh-, le brí "ceangail le mionn" (cuir le taobh Sean-Ghaeilge luige[dil 1] agus Breatnaise llw, le brí "mionn, móid", agus gaolta le iarfhoirm Prótai-Ceiltise, *lugiyo-, "mionn"[8]), rud a thugann le fios gur dhia na mionn agus na gconarthaí ba ea é.[7] Nuair a bhuail Balar le Lugh sa Dara Cath Maighe Tuireadh, thug sé "clabaire" ar Lugh.[9]

San am atá thart, mheastaí go raibh a ainm fréamhaithe ón bPrótai-Ind-Eorpais *leuk-, "solas gealánach", agus dá bharr, ó ré Victeoiriach i leith, chreidtí go minic gur dhia na gréine é, cosúil leis an dia Gréig-Rómhánach, Apollo. Tá géarcheisteanna ann maidir leis an bhfoghareolaíocht seo, ámh, go suntasach nach gcruthaíonn *-k- Prótai-Ind-Eorpais riamh *-g- Prótai-Ceiltis,[10] agus dá bharr, ní ghlacann saineolaí na dteangacha Ceilteacha an lae inniu leis an sanasaíocht seo.

Ainmníodh Léon na Spáinne as Lugh, chomh maith le Lyon na Fraince agus Londain fosta, mar a shíltear.

Bua-ainmneacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Lámfada (lámhfhada) - de bharr a chumais le sleá nó mar rí[5]
  • Ioldánach
  • Samhaildánach
  • Lonn-anscleach[11]
  • Lonnbhéimneach
  • Mac-nia (nia le brí laoch)[5]
  • Conmac[12]

Deirtear gur ghaiscíoch é Lugh. Nuair a nochtann sé é féin os Chú Chulainn gonta sa Táin Bó Cúalnge, déantar cur síos air mar a leanas:

Sean-Ghaeilge[13] Nua-Ghaeilge[14]

Fer caín mór and dano. Berrad[dil 2] lethan laiss. folt casbude fair. Brat úanide i forcipol immi. Cassán gelairgit isin brot úassa bruinne. Léne de sról ríg fo dergindliud do dergór i custul[dil 3] fri gelcnes co glúnib dó. Dubscíath co calathbúali[dil 4] findruni[dil 5] fair. Sleg cóicrind ina láim. Foga[dil 6] fogablaigi inna farrad. Ingnad ém reb & ábairt[dil 7] & adabair dogní, acht ní saig nech fair & ní saig-seom for nech feib[dil 8] nachas faiced nech h-é

Fear caoin mór atá sé. Imeacht leathan leis. Folt catach buí aige.[tea 1] Brat uaine dealg-fheistithe thairis. Casán[tea 2] gealairgid sa bhrat os a bhrollach. Léine de shról rí faoi dhearg-insertion dearg-óir corntha ar ghealchneas go glúnta dó. Dubhsciath chrua-chabhradh eileactaire aige. Sleá cúig-rinn ina láimh. Fogha gabhlach i bhfarradh. Neamhghnách is ea reabh[tea 3] agus beart agus spórt a dhéanann sé, ach ní shaigheann[tea 4] sé éinne agus ní shaigheann éinne é ionann is nach bhfeiceann éinne é.

In áit eile, deirtear gur óg ard é Lugh, le leicne gealdearga, cliatháin bhána, aghaidh datha cré-umha, agus gruaig rua.[15] Dian, sochorraithe, díocasach chun comhraic, gaiscíoch uasal agus laoch binnteanga ba ea é.

Sa ghearrscéal Baile in Scáil, insítear gur ollmhór agus fíorálainn é Lugh, agus marcach le sleá ina láimh aige sa bhreis.[16]

Sa Dinnseanchas, deirtear gurbh é Lugh, mac altrama Thailte, "mac an Scáil Bhailbh".[17] Sa dán Baile Suthain Sith Eamhna, deirtear gur "ua in fhiledh" (sliochtach/ó an fhile) é Lugh.[18]

Ba é Cian na dTuath Dé Danann athair Lughaidh, agus Eithne iníon Balair na bhFomhórach a mháthair. Sa Cath Maighe Tuireadh, ba chleamhnas ríoraíoch é a bpósadh, mar thoradh comhaontais idir na Tuatha Dé agus na Fomhóraigh.[19] I Leabhar Gabhála na hÉireann, thug Cian an buachaill in altramas chuig Tailte, banríon na bhFear Bolg.[20]

I scéal béaloidis, a d'inis Seán Ó Dubhagáin de Thoraigh do John O'Donovan in 1835, fásann garmhac Balair anuas agus maraíonn a sheanathair. Tá an garmhac gan ainm, agus Mac Cinnfhaelaidh is ainm dá athair, ach moltar gur leagann bhreith Lughaidh atá ann, agus chóirigh Lady Gregory mar sin. Rinne draoi Bhalair táirgeacht go maródh a gharmhac é. Um an chinniúint seo a chosc, chuir sé a aon-iníon Eithne faoi ghlas sa Túr Mór ar Oileán Toraí, faoi chúram beirte bhan déag le treoracha nára mbuaile sí le fear riamh, nó fiú nára bhfoghlaimí sí go raibh a leithéid do rud ann.

Ar an mór-roinn, bhí bó dhraíochta ag Mac Cinnfhaelaidh a thugtaí chomh fairsing dá cuid bainne gur mhian le cách, Balar ina measc, í a bheith aige. Agus an bhó faoi chúram Mhic Samthainn, deartháir Mhic Cinnfhaelaidh, tháinig Balar art am bhfód i riocht gasúir rua agus bhain sé an bhó de trí chleasaíocht. Ag lorg díoltais, chuir Mac Cinnfhaelaidh glaoch ar leannán sídhe darbh ainm Biróg. Chur sí de dhraíocht go barr thúr Bhalair é, áit a mheall sé Eithne. In am trátha, rugadh trírín di, a bhailigh Balar i mbrat agus chur amach le giolla iad chun iad a bhá i nguairneán. Bháigh an giolla beirt dóibh, ach lig sé de thaisme duine dóibh sa chuan, áit a tharrtháil Biróg é. Thóg sí chuig a athair é, a thug é chuig deartháir eile dó, Gaibhne gabha, in altramas.[21]

Is amhlaidh go bhfuil tuilleadh triarachais gaolta lena bhreith. Sa bhéaloideas, duine de thriúr deartháireacha ba ea a athair, Mac Cinnfhaelaidh, Gabida, agus Mac Samhthainn. Sna téacsanna mé meánaoise, luaitear go minic a athair, Cian, i dteannta lena deartháireacha, Cú agus Cethen.[22][23] Lebor Gabála Érenn[24] Tá beirt phearsana ann darbh ainm Lughaidh, ainm mór le rá in Éirinn na meánaoise a mheastar gur fréamhaithe ó Lugh é, a raibh triúr aithreacha acu: mac na Fionneamhna (triúr fionn) ba ea Lughaidh na Riabh Dearg,[25] agus bhí cáil ar Lugaid mac Con Roí mar mac Trí Con.[26]

Lugh mar bhall na dTuath Dé

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é ina fhear óg, chuaigh Lugh go Teamhraigh chun ballraíocht a ghlacadh i gcúirt rí Nuada na dTuath Dé Danann. Níor lig an doirseoir isteach é mura raibh ceird aige arbh fhéidir leis thabhairt i mbun freastail ar an rí. Thairg sé a chumais mar sapr, gabha, curadh, claimhteoir, cláirseoir, laoch, file, staraí, draoi agus ceardaí, ach dhiúltaigh na Tuatha Dé gach uair é toisc go raibh a leithéid acu cheana. D'iarr Lugh ansin an raibh éinne ann leis na cumais sin san am céanna, agus b'éigean don doirseoir a rá nach raibh. Glacadh Lugh mar bhall den chúirt agus ceapadh é mar Phríomh-Ollamh.[27]

Bhuaigh Lugh i gcomórtas urchar leice in aghaidh an churaidh, Oghma, and entertains the court lena chláirseach. Ag an am úd, bhí na Tuatha Dé faoi chois na bhFomhórach, agus bhí ionadh ar Lugh cé chomh humhal is a ghlacadar leis a n-ansmacht. D'fhiafraigh Nuada de féin an dtógfadh an fear óg seo iad chun saoirse. Ceapadh Lugh i gceannas na dTuath Dé Danann, agus thosaigh sé ag ullmhú chun cogaidh.[28]

Ba shean-naimhde iad Tuireann and Cian athair Lugha. Lá amháin, chonaic mic Tuireann (Brian, Iuchar, agus Iucharba) Cian i gcéin, agus shocraigh siad é a mharú. D'aimsigh siad é i bhfolach i riocht muice, ach bhuail Cian bob orthu, é a ligint iompú ar ais go riocht fir, sular mharaigh siad é. Thug seo do Lugh an ceart de réir dlí cúiteamh a maíomh ar son athar agus ní amháin muice.

D'eagraigh Lugh fleadh agus thug sé cuireadh do na deartháireacha isteach. D'fhiafraigh sé díobh cén éiric a d'éileoidís dá marófaí a n-athair. D'fhreagraíodar nár leor ach bás, agus d'aontaigh Lugh. Chuir sé dúnmharú a athar ina leith ansin, agus d'éiligh sé mar chúiteamh go gcuirfidís i gcrích ocht dtasc dodhéanta. B'éigean dóibh i measc eile a fháil do Lugh an t-úll faoi chosaint na Heispirídí, an seithe muice leighis le rí na Gréige, an tsleá nimhneach le rí na Peirse, agus an capall gaothgasta le rí na Sicile.

D'éirigh leo gach tasc a dhéanamh, ach gortaíodh go marfach agus an tasc deireanach á dhéanamh acu. In ainneoin achainíocha a n-athar, Tuireann, dhiúltaigh Lugh iad a leigheasadh leis an seithe muice draíochta, agus lig sé as díoltas dóibh bás d'fháil. Thit Tuigeann i bhfanntais bhróin thar mharbháin a mhac, agus d'éag sé.[29]

Cath Maighe Tuireadh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leis na hearraí draíochta a bhailigh mic Tuireann, chuaigh Lugh i gceannas the Tuatha Dé Danann in éadan na bhFomhórach sa Dara Cath Maighe Tuireadh. Roimh an gcath, d'fhiafraigh Lugh de gach fear agus bean cén cheird a thugfadh sé nó sí sa chomhrac. Labhair sé leis an arm ansin, agus spreag sé misneach gach gaiscígh go rí nó tiarna.[30] Mharaigh Balar Nuada sa chath. Chuaigh Lugh i mbun comhraic in aghaidh Bhalair, a d'oscail a dhrochsúil, ach chaith Lugh urchar óna chrann tabhaill a bhrúigh a shúil amach as cúl a chinn, ag déanamh léirscriosta ar arm na bhFomhórach taobh thiar.

Tar éis an bhua, tháinig Lugh ar Bhreas, iar-rí leath-Fhomhórach na dTuath Dé, ina aonar gan chosaint ar láthair an chatha, agus d'impigh Breas ar son a bheatha. Dá ligfí a bheo leis, gheall sé go ndeimhneodh seisean go dtabharfadh ba na hÉireann dá gcuid bainne i gcónaí. Dhiúltaigh na Tuatha Dé a thairiscint. Gheall sé ansin ceithre fhómhar sa bhliain, ach deir na Tuatha Dé gur dhóthain dóibh é ceann amháin. Ach lig Lugh a bheo leis dá mhúinfeadh sé do na Tuatha Dé conas agus cathain a treabhadh, a shíolú, agus a bhuain.[31]

Deireadh saoil agus bás

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Lugh imeacht Lúnasa cosúil leis na gCluichí Oilimpeacha ar bun, ar glaodh Aonach Tailteann air in ómós a mháthar altrama, Tailte. Chuir sé aonaigh Lúnasa ar bun i gCarman agus sa Nás, in ómós Charmain agus Náis. Bhíodh rásaí capall agus léirithe ealaíona comhraic ina n-imeachtaí tábhachtacha ag gach trí aonach. Ceiliúrann Lúnasa féin caithréim Lugha thar sprideanna an tsaoil eile, a rinne iarracht an fómhar a coinneáil chucu féin. Mhair sé mar ceiliúradh i bhfad i ré Críostaí, agus ceiliúrtar é fós faoi ainmneacha éagsúla.

De réir dán an dinnseanchais, na é Lugh ba chúis bás Breis. Rinne sé 300 bó as adhmad agus líon sé le leacht géar dearg nimhneach, a crúdh ansin agus a tairgeadh do Bhreas chun ól. Bhí Breas faoi gheis gan aíocht a dhiúltú, agus d'ól sé an deoch gan loiceadh agus mharaigh sí é.[32]

Deirtear gur cheap Lugh an bordchluiche, 'ficheall". Ach an cluiche a dtugtaí fidchell [fɪðʲçɛl] air i sean-Ghaeilge (fidhcheall i nGaeilge na scol) bhí sé á imirt leis na cianta cairbreacha roimhe sin in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag (áit a dtugtaí gwyddbwyll air). Dealraíonn sé gurb ionann ficheall agus fiodh-chiall.[33]

Bhí caidreamh idir a bhean chéile Buach agus Cermait mac an Daghdha.[34] Mharaigh Lugh é in éiric, ach bhain mic Cermait, Mac Coill, Mac Cécht, agus Mac Gréine a ndíoltas amhlaidh, á mharú le sleá tríd a chois agus ansin á bhá i Loch Lugborta.[35] Bhí sé i réim ar feadh daichead bliain.[34]

Scéalaíochtaí and nósanna eile

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Sa Rúraíocht, athair Cú Chulainn ba ea é, leis an cailín daonna, Deichtine. Agus Cú Chulainn ina luí gortaithe i mbun dianchomhraic i rith an Táin Bó Cuailnge, tháinig Lugh ar an bhfód agus leigheas sé a chneácha thar trí lá.
  • In Baile in Scáil de chuid Scéalaíocht na Ríthe, thaispeáin Lugh éféini bhfís do Chonn Cétchathach. Ar ríchathaoir ar ardán, dhírigh sé bean álainn, darbh ainm Flaitheas na hÉireann, mír fheoil agus cuach leanna dheirg a thabhairt do Chonn, ag deimhniú, de réir deasghnátha, ceart rialach Choinn agus a shliochtach.
  • San Fhiannaíocht, mhaígh an seabhac agus seinnteoir cláirsí, Cnú Deireóil gur mhac Lughach ba ea é.[36]
  • Mhaígh na Luíne, dream a raibh cónaí orthu i gContae na Mí agus Contae Shligigh, gur de shliocht Lugha ba ea iad.
  • Sa Dinnseanchas Rennes, is mac "Leo lam-fota" (mac Lugha Lámhfhada)[37] é Ainle, agus maraítear é ag Curnan Cosdubh.[17] Deirtear gur chlúiteach agus iomráiteach é Áinle,[dil 9], ach sa rann chéanna, deirtear chomh maith gur meatachán gan greim i mbun catha.[38]
  • Sa Dinnseanchas, deirtear gur fear céile Bhairne é Luat mac Scáil Bhailb (Cian).[39]
  • Feictear Lugh sa bhéaloideas mar chleasaí, agus i gContae Mhaigh Eo, luaití stoirmeacha toirní mar cathanna idir Lugh agus Balar, rud a thugann roinnt daoine don tuairim gur dhia na stoirme ba ea é.

Tugtar do Lugh an t-ainm máthartha mac Ethlenn (nó mac Ethnenn) agus an t-ainm athartha mac Céin.[5] Garmhac máthartha de thíoránach na bhFomhórach, Balar, ba ea é, ar mharaigh Lugh é sa Chath Maighe Tuireadh. Manannán, dia na mara, ba ea a athair altrama; agus de réir Leabhar Gabhála na hÉireann, thug Cian Lugh óg do Thailte, banríon na bhFear Bolg, mar mhac altrama.

Bhí roinnt bhan chéile aige, in measc Buí (accm Buach nó Bua) agus Nás, iníonacha Ruadri Ruad, rí na Breataine. Bhí Buí ina cónaí i gCnóbha,[40] agus cuireadh faoi ann í. Tá uaigh Náis sa Nás féin, Contae Chill Dara (ainmnithe aisti). Le Nás, bhí mac aige darbh ainm Ibic.[41] Mar Luat, bhí bean chéile darbh ainm Bairend aige, a d'éag de ghalar a bhris a droim.[1] Eibhle, bean chéile Fhionntáin mhic Bhóchra, ba ea a dheirfiúr nó iníon. Leis an bhean daonna Deichtine, bhí mac eile aige, laoch na nUladh Cú Chulainn é féin.[42][43].

Bhí roinnt earraí draíochta le Lugh, faighte ag mic Thuirill Piccreo (Oghma), mar a insítear i Leabhar Gabhála na hÉireann. Sa scéal déanach Oidheadh Chlainne Tuireann, faightear liosta dóibh siúd, chomh maith le bronntanais eile ó dhia na mara Manannán amhail is an claíomh Fragarach, an capall Enbarr (Aonbarr), an bád Scuabtuinne, a chathéide agus a chlogad.

Príomhalt: Lúin Chealtchair

De réir an scéil Ceithre Sheod na dTuath Dé, dochloíte ba ea a shleá, Lúin Chealtchair,[44] a tógadh go hÉirinn ó Ghorias (nó Findias).[45]

Fuair Lugh an Ga Assail mar éric gearrtha ar mhic Tuirill Piccreo (nó Biccreo - Oghma), de réir gearrscéil i Leabhar Gabhála na hÉireann (Dán LXV, 319),[45] a chuireann in iúl go ndearna an gháir "Ibar", iúr, an t-urchar a sprioc a aimsiú, agus an gháir "Athibar (ath-iúr)" an tsleá a theacht ar ais.

I lánleagan den Oidheadh,[46][47] i gcóip ní luaite ná an 18ú haois, d'éiligh Lugh an tsleá Ar-éadbair, a raibh i seilbh Pisear, rí na Peirse. B'éigean dá barr a choimeád i n-uisce um é a chosc ar lasadh, tréith maraon le Lúin Chealtchair.

Tá ainm eile fós ann i gcomhair sleá Lugh a, agus é sin ná eó bo háille d'ḟíoḋḃaiḃ,[46], ll. 204-5 (eo[48] is áille d'fhíobha), le fáil i rann idirshuite i dtéacs den Oidheadh Chlainne Tuireann. Sa téacs a mhaíonn gurbh ionann sleá Lugha, Lúin Chealtchair agus an tsleá a bhain radharc na súl de Chormac Mac Airt, glaotar uirthi "ibar alai fhidbaidha" (iúr cáiliúil fíobha[49]).[50]

Bogha báistí agus Bealach na Bó Finne ba ea crann tabhaill Lugha, darbh ainm "Slabhra Lugha".

Murabh ionann an crann tabhaill, ní raibh de dhíth ag Lugh an tsleá a bheartú féin. Beo a bhí sí agus bhíodh an oiread sin cíocras fola uirthi gur ghá a ceann a chur ar maos i ndeoch chodlata de shíolta poipín úrthuargainte chun í a cheansú. Agus cath ag druidim léi, tarraingítí amach í. Ansin, bhúireadh sí, bhíodh sí ag streachailt in aghaidh a hiallacha, agus thagadh splancacha tine uaithi. Réabadh sí trí airm na naimhde a luaite is a scaoiltí í, agus ní éiríodh sí tuirseach riamh d'oidhe.[51]

Ba shiombail thintrí é gaisce diúracáin Lugha, nó ga nó sleá.[52]

Cloch thabhaill

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an ghearrchuntais i Leabhar Gabhála na hÉireann, chaith Lugh an chloch thabhaill chun a sheanathair, Balar, a mharú i gCath Maighe Tuireadh.[53] Sa scéal Cath Maighe Tuireadh, caomhnaithe i gcóip uathúil den 16ú haois, insítear gur chaith sé an liic talma (leac/lia tailme/tabhaill) chun drochshúil Bhalair Bhiorógdheirce a scrios.[54]

I ndán caomhnaithe ag an Curradh as Béarla,[55] insítear gur tháthluib[56] (cloch thabhaill déanta as stroighin) é an ga caite ag Lugh.

In Oidheadh Chlainne Tuireann, i dtionól na dTuath Dé, feictear Lugh agus Fragarach, claíomh Mhanannáin, curtha thart air.

Capall agus bád draíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí capall ag darbh ainm Enbarr, a raibh ar a chumas dul ar talamh agus ar muir. Maraon le cuid mhaith dá earraí, thug Manannán mac Lir dó é. Nuair a d'iarr an chlann Tuireann air borrow capall a fháil ar iasacht, dhiúltaigh Lugh iad, ag rá nach mbeadh sé ceart na cóir rud a thabhairt ar iasacht a raibh féin ar iasacht. Dá bharr, níorbh fhéidir Lugh iad a dhiúltú i gcomhair a churraigh, Scuabadh-Toinne.

Sa Leabhar Gabhála,[57] Gainne agus Rea ba ea ainmneacha na gcapall i seilbh rí Oileán na Sicile, a d'éiligh Lugh mar éric ó mhic Tuirill Briccreo (Oghma).

Príomhalt: Fáil Inis

Coileán rí na hIoruaí b\ ea Fáil Inis a d'éiligh Lugh mar éiric sa scéal Oidheadh Chlainne Tuireann. Is ionann an t-ainm seo agus an cú luaite i ndúan "Oisíneach",[58] luaite scaití dá chéad líne, "Dám Thrír Táncatair Ille" (Dámh thriúir thángadar i leith)". Salinnis nó Fáil Inis (sa téacs Leasa Mhóir) is ainm don chú sa duán,[59] arbh le triúr Lochlannach ar bhuail na Fianna leo. Deirtear gur "chú ársa é... a raibh le Lugh na mBrat, / Tugtha dó ag mic Tuireann..."[60]

That hound of mightiest deeds, Which was irresistible in hardness of combat, Was better than wealth ever known, A ball of fire every night.

Other virtues had that beautiful hound (Better this property than any other property), Mead or wine would grow of it, Should it bathe in spring water.

Críochnaíonn aistriúchán Ó Ciarraí anseo, ach deir an rann ina dhiaidh "Is iad Sél, Donait agus Domhnán an triúr laochra. An cú is áille, tugadh Fáil Inis go Fionn". Feictear an triúr seo i nAgallamh na Seanórach, cé gur Fer Mac (Fear Mac) is ainm don chú.

Miotaseolaíocht chomparáideach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Freagraíonn Lugh don dia pan-Cheilteach, Lugus, agus is é Lleu Llaw Gyffes a chomhdhia Breatnach.[7] Moltar gurbh ionann marú Bhalair ag Lugh agus marú Baldr ag Loki.[61]

Is é oilteacht Lugha de gach dána ba chúis a nascann roinnt daoine é leis an dia anaithnid na nGallach a shamhlaigh Julius Caesar le Mearcair, ar luaigh sé é mar "cheapadóir gach ealaíona".[62] Deir Caesar gurbh é an dia ba mhó urraim na nGallach, ag maoirsiú turas agus cúrsaí gnó.

Meastar gur leagan Críostaí de Lugh é Naomh Molaga.[63][61]

Contae Lú ainmnithe as an sráidbhaile Lú, a bhfuil ainmnithe as an dia. I measc áiteanna eile ainmnithe as Lugh faightear an carn ag Suí Lugha(idh), Dún Lúiche i gContae Dhún na nGall, agus Ráth Lugaidh i bhFearann Uí Chearnaigh[64], Sligeach.[61] Tá Suí Lughaidh suite i Maigh Tuireadh, agus de réir an bhéaloidis áitiúil, chruinníodh fathaigh le chéile anseo.[61] Tá Suí Lú[log 1] eile le fáil i gContae Mhuineacháin, agus tá Ráth Lú[log 2] eile le fáil i gContae na Mí.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhfhoinsí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Cross, Tom Peete agus Clark Harris Slover. Ancient Irish Tales, Henry Holt & Company, Inc., 1936. ISBN 1-56619-889-5.
  • Ellis, Peter Berresford. Dictionary of Celtic Mythology. Oxford: Oxford University Press, 1994. ISBN 0-19-508961-8.
  • MacKillop, James. Dictionary of Celtic Mythology. Oxford: Oxford University Press, 1998. ISBN 0-19-280120-1.
  • Ovist, Krista L. The integration of Mercury and Lugus: Myth and history in late Iron Age and early Roman Gaul. Chicago: University of Chicago Divinity School dissertation, ll. 703, 2004. (link)
  • Wood, Juliette. The Celts: Life, Myth, and Art. Thorsons Publishers, 2002. ISBN 0-00-764059-5.

Foclóir - Sean-Ghaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 luige ar eDIL
  2. berrad ar eDIL
  3. custal ar eDIL
  4. 2 búal ar eDIL
  5. findruine ar eDIL
  6. foga
  7. 2 abairt ar eDIL
  8. feb II ar eDIL
  9. áindle ar eDIL, curadh, laoch

Foclóir - Nua-Ghaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. fáir2 ar teanglann.ie FGB
  2. casán1
  3. reabh ar teanglann.ie FGB; beart, cleas
  4. saigh ar teanglann.ie
  1. Suí Lú ar logainm.ie
  2. Ráth Lú ar logainm

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "The Metrical Dindshenchas: CRÚACHÁN AIGLE".
  2. Róislín, Blogs.transparent.com. "Will The Real Lúnasa / Lughnasa / Lughnasadh Please Stand Up?". Dáta rochtana: 2020-08-02.
  3. 3.0 3.1 Olmsted, Garrett. The Gods of the Celts and the Indo-Europeans. University of Innsbruck, 1994, lch. 117
  4. Monaghan, Patricia. The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore. Infobase Publishing, 2004, ll. 296-297
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 Koch, John T. Celtic Culture: A Historical Encyclopedia. ABC-CLIO, 2006, lch. 1200
  6. bbc.co.uk (27 D.F. 2011). "Féilte na SeanGhael". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.
  7. 7.0 7.1 7.2 Ó hÓgáin, Dáithí. Myth, Legend & Romance: An encyclopaedia of the Irish folk tradition. Prentice Hall Press, 1991, ll. 273-276
  8. Matasović, Ranko, Etymological dictionary of proto-Celtic, Leiden Indo-European Etymological Dictionary Series 9, Leiden agus Boston: Brill, 2009, lch. 247.
  9. "The Second Battle of Moytura".
  10. Peter Schrijver, Studies in British Celtic historical phonology, Rodopi, 1995, ll. 348-348
  11. "The Second Battle of Moytura".
  12. Mac Néill, Eoin. Duanaire Finn: The book of the Lays of Fionn. Irish Texts Society, 1953, lch. 205
  13. Táin Bó Cúailnge Recension I, lch. 64, ar CELT
  14. Aistrithe sách focal ar fhocal ón tSean/Meán-Ghaeilge ag Marcas
  15. "Ar an doirseoir ris an deaghlaoch".
  16. "Baile in Scáil: The Phantom's Frenzy".
  17. 17.0 17.1 "Revue celtique".
  18. Baile suthach sith Eamhna (or "suthain"?) ar bardic.celt.dias.ie
  19. Whitley Stokes (eag. & aistr.), "The Second Battle of Moytura", Revue Celtique 12, 1891, lch. 59
  20. Leabhar Gabhála na hÉireann §59
  21. John O'Donovan (eag. & aistr.), Annala Rioghachta Éireann: Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters Iml. 1, 1856, ll. 18–21, fonóta S; T. W. Rolleston, Myths and Legends of the Celtic Race, 1911, ll. 109–112; Lady Gregory, Gods and Fighting Men, 1094, ll. 27–29
  22. m.s., de réir an Dinnseanchas, mharaigh Cú Cethen, agus bhí an tráth an nath cainte "Thou hast acted for me Cú and Cethen."
  23. "The Prose Tales in the Rennes Dindshenchas (I) - Translation [text]".
  24. §61; "The Fate of the Children of Tuirenn", Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eags.), Ancient Irish Tales, Henry Holt & Co., 1936, ll. 49–81
  25. Vernam Hull (eag. & aistr.), "Aided Meidbe: The Violent Death of Medb", Speculum iml. 13 eag. 1. (Ean. 1938), ll. 52–61
  26. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 273
  27. "Lugh". bardmythologies.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-08-01. Dáta rochtana: 2017-08-01.
  28. Stokes 1891, ll. 75–81
  29. "The Fate of the Children of Tuirenn", Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eag.), Ancient Irish Tales, Henry Holt & Co., 1936, ll. 49–81
  30. "Part 120 of The Second Battle of Moytura".
  31. Stokes 1891, ll. 81–111
  32. E. J. Gwynn (eag. & aistr.), The Metrical Dindshenchas Iml. 3, 1906, Carn Hui Neit, Dán 40
  33. gaeilge.org.au (14 M.F. 2010). "An Lúibín". Dáta rochtana: 2020.
  34. 34.0 34.1 "How the Dagda Got His Magic Staff".
  35. The Metrical Dindsenchas "Loch Lugborta", Dán 86
  36. "Cnú Deireóil - Oxford Reference". www.oxfordreference.com. doi:10.1093/oi/authority.20110803095619885.
  37. "Part 3 of The Metrical Dindshenchas".
  38. Metrical dinnseanc
  39. "The Metrical Dindshenchas".
  40. "The Metrical Dindshenchas: Cnogba".
  41. E. J. Gwynn (eag. & aistr.), The Metrical Dindshenchas Iml 3, 1906, Dán 5: Nás
  42. Evans-Wentz, Walter (1911). The Fairy-Faith in Celtic Countries, lch. 369
  43. Hull, Eleanor (1898). The Cuchullin Saga in Irish Literature.
  44. Vernam Hull eag. & aistr., "The four jewels of the Tuatha Dé Danann," Zeitschrift für Celtische Philologie 18 (1930) 73–89. "No battle was maintained against the spear of Lug or against him who had it in his hand"
  45. 45.0 45.1 Macalister, R. A. S., eag. & aistr., Lebor Gabála Érenn: The Book Of The Taking Of Ireland, Part IV (1941) [1] I ngach trí athleagan, is as Gorias sleá Lugha (¶305, ¶315, ¶357). Malartaítear na gaiscí idir úinéirí sa téacs "Four Jewels" le Hull, agus tagann dar leis claíomh Lugha as Gorias. Tá rud mar an gcéanna le fáil i Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn; agus san eagrán le Comyn, tagann claíomh Lugha as Gorias, fad is as Findias í a shleá (is le Lugh iad an dá rud ar deireadh)
  46. 46.0 46.1 O'Curry, Eugene, eag. & aistr., "The Fate of the Children of Tuireann", The Atlantis IV, London 1863, 157–240.
  47. O'Duffy, Richard J. eag. & aistr., Oidhe Chloinne Tuireann. The Fate of the Children of Tuireann. Society for the Preservation of the Irish Language, Baile Átha Cliath 1888
  48. eo2 ar teanglann.ie DGB, iúr
  49. fíobha ar teanglann.ie
  50. TCD MS 1336 (olim H 3. 17), col. 723. Achoimrigh Hennessy an téacs seo, sa réamhrá (lch. xiv) dá eagrán de Mesca Ulad. Faightear an dréacht sa lámhscríbhinn díreach i ndiaidh an téacs le H de Tairired na nDéssi, Kuno Meyer, Anecdota, I, ll. 15–24.
  51. Charles Squire, Caibidil 5 "The Gods of the Gaels" in The Mythology of the British Islands, 1905, ath-eagraithe mar Celtic Myth and Legend, ar líne ar sacred-texts.com
  52. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology (1946), ll. 60–5
  53. op. cit. ¶312, ¶312, ¶364
  54. Gray, Elizabeth A. eag. & aistr., Cath Maige Tuired: the second battle of Mag Tuired (Baile Átha Cliath: Irish Texts Society [Sraith 52], 1982.), ar CELT
  55. O'Curry, Eugene, Manners and Customs II, lch. 252. D'aistrigh sé cúig stróf ó dhán ar phár-LS "formerly in the possession of Mr. W. Monck Mason, but lately sold at a public auction i Londain."
  56. táthluib ar eDIL
  57. Macalister, ¶319 (loc. cit.)
  58. Stern, L. Chr. eag., aistr. (as Gearmáinis) in: "Eine ossianische Ballade aus dem XII. Jahrhundert", Festschrift Whitley Stokes zum siebzigsten Geburtstage, 1900, ll. 7–12, eagraithe ón Leabhar Laighneach, lch. 207b
  59. Whitely Stokes, Book of Lismore, fo. 153 b, recension of the ballad in the Notice on Festschrift above, in: Zeitschrift für Celtische Philologie, III, ll. 432–
  60. O'Curry, Eugene, "Tri Thruaighe na Scéalaigheachta (Trí Thrua na Scéalaíochta)" The Atlantis III, Londain 1862, ll. 396–7. Níl ainm an chú i measc na ceithre rannta.
  61. 61.0 61.1 61.2 61.3 Borlase, William Copeland (1897). "The Dolmens of Ireland": 796, 802, 806, 813. Indiana University: Chapman and Hall. Dáta rochtana: 6 August 2019. 
  62. Julius Caesar, Commentarii de Bello Gallico 6:17
  63. Tigh Molaige ar logainm.ie, féach Nóta mínithe, "English": "a pet form of Lugh"
  64. Fearann Uí Chearnaigh ar logainm.ie


Réamhtheachtaí
Nuadha
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1870-1830 RC
FFE 1447–1407 RC
Comharba
Daghdha