Seumas Mac a' Phearsain
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Deireadh Fómhair 1736 Ruadhainn, Scotland |
Bás | 17 Feabhra 1796 59 bliana d'aois Siorrachd Inbhir Nis, Scotland |
Áit adhlactha | Abtheach Westminster |
Ball de 15ú Parlaimint na Breataine Móire | |
Téarma parlaiminte: 15th Parliament of Great Britain (en) | |
Ball de 16ú Parlaimint na Breataine Móire | |
Téarma parlaiminte: 16th Parliament of Great Britain (en) | |
Ball de 17ú Parlaimint na Breataine Móire | |
Téarma parlaiminte: 17th Parliament of Great Britain (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Dhún Éideann Oilthigh Obar Dheathain |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir, polaiteoir |
Ainm cleite | Ossian |
Teangacha | Béarla agus Gaeilge na hAlban |
Teaghlach | |
Páiste | Juliet Macpherson |
Ba scríbhneoir agus polaiteoir Albanach é James Macpherson nó Seumas Mac a' Phearsain (27 Deireadh Fómhair 1736 i Ruadhainn, Gaeltacht na hAlban - 17 Feabhra 1796). Tá clú air mar "aistritheoir" ar fhilíocht Ossian.[1]
A Bheatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó 1753 amach chuaigh sé ar Choláiste an Rí in Obar Dheathain agus ansin ar Ollscoil Dhún Éideann. Ag an am sin, thosaigh sé ag scríobh filíochta, mar shampla The Highlander i 1758, ach ní raibh mórán de foilsithe.
Tháinig cáil air mar gheall ar an "aistriúchán" ar Fragments of Ancient Poetry, foilsithe ag Hugh Blair i 1760. Tháinig na leabhair Fingal, an Ancient Epic Poem in Six Books (1761), Temora (1763) agus The Works of Ossian (1765) amach tar éis sin. Fuaireadar clú mar obair de chuid an amhránaí Ghaelaigh Ossian. Bhíothas den tuairim gur bhailiúchán de bhéaloideas ársa a bhí iontu, a d'aimsigh Macpherson i nGaeltacht na hAlban agus sna hOileáin Siar. Bhí na leabhair aistrithe chuig theangacha Eorpacha eile, agus thaitin siad leis an lucht léitheoireachta ansin. Leis an tsuim a bhí in Ossian, d'athraigh an t-ainm ar Ghaeilge na hAlban ó "Erse" go "Gàidhlig".[2]
Tharla conspóid mhór maidir le hOssian agus cé chomh fírinneach a bhí obair Macpherson. Inniu, táthar den tuairim gurbh é Macpherson féin a scríobh an fhilíocht.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MacPHERSON, James (1736–1796) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ Withers, C. (1984) Gaelic in Scotland 1698 to 1891: the geographical history of a language. Dún Éideann: John Donald Publishers Ltd. ISBN 0859790979