Jump to content

Hiroshima

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilHiroshima
広島市 (ja) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Aintiúnmunicipal anthem of Hiroshima (en) Aistrigh (1965) Cuir in eagar ar Wikidata

Siombail oifigiúilCinnamomum camphora agus oiliandar Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 34° 23′ 07″ N, 132° 27′ 19″ E / 34.38525°N,132.45531°E / 34.38525; 132.45531
Stát ceannasachan tSeapáin
Maoracht sa tSeapáinMaoracht Hiroshima Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairNaka-ku Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,198,021 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,323.77 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deSassenhirofuku (en) Aistrigh
100 municipalities with water (en) Aistrigh
Hiroshima metropolitan area (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla905.01 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Ōta, Hiroshima Bay (en) Aistrigh agus Seto Inland Sea (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Ōmine (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síNiho, Niho, Yaga, Ushita, Koi, Kusatsu, Furuta, Misasa, Hesaka, Nakayama, Inokuchi, Numata, Asa, Kabe, Gion, Kōyō, Satō, Yasufuruichi, Senogawa, Shiraki, Aki, Kumanoato, Funakoshi, Yano, Itsukaichi agus Yuki Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Mōri Terumoto Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1589
1 Aibreán 1889
Eachtra thábhachtach
atomic bombing of Hiroshima (en) Aistrigh (6 Lúnasa 1945) Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Hiroshima Cuir in eagar ar WikidataKazumi Matsui (2011–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist730-8586 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód82 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincity.hiroshima.lg.jp Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: HiroshimaCityOfficial Twitter: HiroshimaCityPR Instagram: hiroshima_city_official Youtube: UCXaG1zkIL1YTA86kedoiflA Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair sainithe de chuid na Seapáine is ea Hiroshima (広島市). Is é is ciall le hainm na cathrach ná "Oileán Leathan".

Tá an chathair suite i ndeisceart Honshu. Príomhchathair Mhaoracht Hiroshima atá ann.

Bhí 1,173,980 duine ina gcónaí i Hiroshima sa bhliain 2010 (daonáireamh 2010).

Buamáladh an chathair le linn an Dara Cogadh Domhanda ag Meiriceá. Ach ar an 6 Lúnasa 1945, baineadh feidhm as an mbuama adamhach chun Hiroshima a scriosadh. Scaoil an t-eitleán Enola Gay an "Buachaill Beag".  Bhí Hiroshima an chéad chathair ar domhan a scriosadh le buama adamhach.

Mharaigh an buama timpeall 45,000-70,000 duine i nóiméad amháin. Bhásaigh a oiread eile daoine arís mar gheall ar nimhiú radaíochta. Maraíodh idir 95,000 agus 146,000 duine in iomlán le linn 1945[1] – tá sé deacair figiúr deimhneach a fháil.

Scaoil na Stáit Aontaithe buamaí adamhacha anuas ar dhá chathair sa tSeapáin,[2] Hiroshima agus Nagasaki, i mí Lúnasa 1945. Ghéill an tSeapáin ar an 15 Lúnasa agus chuir sé sin deireadh leis an gcogadh.

Le linn an chomórtha sa bhliain 2015, buaileadh cloig sa chathair, d'umhlaigh na daoine i mbun paidreoireachta, agus tionóladh nóiméad ciúinis ag 8.15 ar maidin am na Seapáine. In Éirinn tá searmanas bliantúil ar an 6 Lúnasa á reáchtáil ag an bhfeachtas ar son na dí-armála núicléiche i gCearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.[3]

Ar 27 Bealtaine 2016, leag Uachtarán na Stát Aontaithe Barack Obama bláthfhleasc i Hiroshima.[4] Thug sé cuairt ar an bpáirc cuimhneacháin a tóigeadh le comóradh a dhéanamh ar na daoine a bhásaigh de bharr an bhuama in éindí le Príomhaire na Seapáine Shinzo Abe.

1945: Scriosadh an chathair
  1. "Atomic bombings of Hiroshima and Nagasaki" (as en) (2021-08-05). Wikipedia. 
  2. Séamas Ó Neachtain. "An Buama Adamhach". www.scoilgaeilge.org. Dáta rochtana: 2021-08-06.
  3. Nuacht RTÉ (2015-08-06). "Comóradh 70 bliain ar Hiroshima" (as ga). 
  4. Nucht RTÉ (2016-05-27). "Céad Uachtarán as Meiriceá le cuairt a thabhairt ar Hiroshima" (as ga). 

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]