Iarnród Éireann
Comhlacht iarnróid in Éirinn is ea Iarnród Éireann.[1] Fochuideachta de chuid Chóras Iompair Éireann (CIE) comlacht atá in úinéireacht an Stáit, is ea Iarnród Éireann. Tá sí freagrach as seirbhísí traenach a riaradh. Tagann Iarnód Éireann faoin Roinn Iompair.[2]
Seirbhísí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireann an comhlacht seirbhísí traenach do phaisinéirí ar fáil ar fud na tíre (Intercity nó Idir-chathair) agus chomh maith leis sin soláthraíonn sé an seirbhísí iarnróid do chomaitéirí, lena n-áirítear an tseirbhís DART, traenacha leictreacha i mBaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin.[3]
Déanann IÉ freastal ar níos mó ná céad stáisiúin i 23 chontae i bPoblacht na hÉireann (gach contae i gCúige Mumhan, Chonnacht agus Laighean) agus trí chontae i dTuaisceart Éireann (Contae an Dúin, Contae Ard Mhacha agus Contae Aontroma).
Tá seirbhísí traenach scartha i gceithre láithreacha réigiúnacha:
- Seirbhísí ó thuaidh agus soir faoi riar ag Stáisiún Uí Chonghaille (An tSeirbhís ó thuaidh thoir go dtí Sligeach san áireamh) - Seirbhísí ó dheas agus thoir faoi riar ag Stáisiún Heuston
Idirchathracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireann seirbhísí idirchathracha Iarnróid Éireann ceangail traenach ar fáil idir príomhbhailte agus cathracha. Imíonn seirbhísí idirchathracha ó Stáisiún Heuston agus Stáisiún Uí Chonghaile, agus cuireann siad seirbhís ar fáil chuig na háiteanna seo a leanas: Béal Féirste, Sligeach, Béal an Átha, Cathair na Mart, Gaillimh, Luimneach, Inis, Trá Lí, Corcaigh, Port Láirge agus Europort Ros Láir.[2]
Ritheann seirbhísí idircathracha eile idir Europort Ros Láir agus Luimneach; Corcaigh agus Trá Lí; Corcaigh agus Luimneach; agus Luimneach agus Gaillimh. Freastalaíonn an tseirbhís Idirchathracha roinntear na carráistí idir rang a haon agus rang caighdeánach.
Enterprise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feidhmionn an tseirbhís Enterprise idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath agus comhsholáthraíonn Iarnród Éireann agus Northern Ireland Rail an tseirbhís. Sna 2020idí, bhí infheistíocht €25 milliún déanta ag Rialtas na hÉireann sa tseirbhís agus is iad Ciste an Oileán Chomhroinnte/Roinn an Taoisigh agus an Roinn Iompair a bhí á mhaoiniú. Sa bhliain 2024, thosaigh traein ag imeacht idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste agus ar ais arís gach uair an chloig.[4]
Comaitéara
[cuir in eagar | athraigh foinse]Oibríonn seirbhísí comaitéara i gceantar Bhaile Átha Cliath idir Dún Dealgan, Dún Búinne, Longfort, Port Laoise agus Guaire. Tá seirbhísí comaitéara i gceantar Chorcaí idir Mala, Cóbh go Mainistir na Corann chomh maith.
Is féidir leat úsáid a bhaint Cártaí Leap.[2]
Stoc rolla ag Iarnród Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aicme | Íomha | Cineál | Uas-luas | Méid na traenloingis | Seirbhisí freastalte | Bliain an tionscnaimh | |
---|---|---|---|---|---|---|---|
mph | km/h | ||||||
Aicme 071 | Inneal Díosal | 90 | 145 | 18 | Baile Átha Cliath-An Uaibh seirbhís lasta | 1976 | |
Aicme 8100 (Aicme 8300) | Leictreach | 62 | 100 | 38 (40 roimhe) | Binn Éadair-Bré, Mullach Íde-Na Clocha Liatha (An tSeirbhís DART) | 1984 | |
Marc 3 | Feain Gineadóra | 100 | 160 | 4 | Baile Átha Cliath-Béal Feirste (Enterprise) | 1980 (Athchóirithe i 2009) | |
Aicme 2600 | Díosal | 70 | 110 | 16 (17 roimhe) | Seirbhísí Comaitéire Chorcaí | 1994 | |
Aicme 201 | Díosal | 100 | 160 | 32 | Baile Átha Cliath-Corcaigh, Baile Átha Cliath-Béal Feirste (Enterprise) | 1994-1995 | |
Stoc rolla Ó De Dietrich | Carráistí Paisinéirí | 90 | 145 | 28 | Baile Átha Cliath-Béal Feirste (Enterprise) | 1996 | |
Aicme 2800 | Díosal | 75 | 120 | 8 | Corcaigh & Luimneach Seirbhíse Comaitéire | 2000 | |
Aicme 8500 | Leictreach | 70 | 110 | 4 | Binn Éadair-Bré, Mullach Íde-Na Clocha Liatha (An tSeirbhís DART) | 2001 | |
Aicme 8510 | Leictreach | 70 | 110 | 3 | Binn Éadair-Bré, Mullach Íde-Na Clocha Liatha (An tSeirbhís DART) | 2002 | |
Aicme 29000 | Díosal | 75 | 120 | 29 | Baile Átha Cliath-Calafort Ros Láir, An tSeirbhís Comaitéire Bhaile Átha Cliath | 2003-2005 | |
Aicme 8520 | Leictreach | 70 | 110 | 10 | Binn Éadair-Bré, Mullach Íde-Na Clocha Liatha (An tSeirbhís DART) | 2004 | |
Marc 4 | Carráistí Paisinéirí | 125 | 200 | 67 | Baile Átha Cliath-Corcaigh | 2006 | |
Feain an thiománe | |||||||
Aicme 22000 | Díosal | 100 | 160 | Sraith 28 3-gcarráiste, 25 4-charráiste & 10 5-carráiste | Corcaigh-Trá Lí, Baile Átha Cliath-Corcaigh, Gaillimh, Luimneach, Calafort Ros Láir, Sligeach, Loch Garman, Cathair na Mart (Calafort an Iarthair) | 2007-2011 |
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó i mBéarla, Irish Rail
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Citizensinformation.ie. "Rail services" (en). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-10-29.
- ↑ Cursaí (1993). "Turas Na Samhlaíochta / Musical Train Journey / Léachtaí ar bord an traein idir Durlas agus Baile Átha Cliath eagraithe ag Iarnród Éireann." (ga-IE). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2022-08-04.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-29). "'Treiseoidh seirbhís nua traenach an geilleagar uile-Éireann'" (as ga-IE).