Geimhriú
Cuma
Is éard is geimhriú[1] ann ná straitéis ag mamaigh is ainmhithe áirithe, tréimhse fhuar an gheimhridh a chaitheamh i staid mharbhánta nó shuaimhneach. Laghdaítear an mheitibileacht agus téann an t-ainmhí i gcodladh domhain, ag maireachtáil ar chistí bia atá stóráilte ina cholainn i rith an tsamhraidh roimhe sin. Tugtar samhrú ar straitéis den saghas céanna chun maireachtáil trí shamhradh te tirim.[2]
Tagairtí
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): geimhriú” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-16.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Geimhriú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 311.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |