Jump to content

Ainneor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ní thacaítear leis an leagan inphriontáilte a thuilleadh agus seans go bhfuil earráidí rindreála ann. Nuashonraigh leabharmharcanna i do bhrabhsálaí agus bain úsáid as an bhfeidhm phriontála sa bhrabhsálaí ina ionad seo.
Ainneor

Modh traidisiúnta curaíochta is ea an t-ainneor[1] (nó iomaire, nó iompú), ina dtochailtear iomairí agus claisí comhthreomhara le spád, suas le 2.5 méadar ar leithead, agus cainéil chúnga draenála eatarthu. Bhí an modh curaíochta seo in úsáid i ndeisceart na Breataine ón tréimhse iar-Rómhánach go dtí an tréimhse iar-mheánaoise, agus i gcuid mhaith d'Éirinn agus d'Albain go dtí an 19ú haois.

Cé go bhfuil sé imithe i léig den chuid is mó, tá sé fós le fáil sna hInse Gall agus in áiteanna in iarthar na hÉireann. Sna háiteanna seo, is é an modh a úsáidtear de ghnáth ná fóid mhóna a ardú agus leasachán feamainne díshalannaithe a úsáid chun an talamh a fheabhsú. Is minic a saothraíodh prátaí sa chaoi seo sna réigiúin seo, go dtí gur tharla an Gorta Mór sa Ghàidhealtachd agus in Éirinn mar gheall ar an dúchan prátaí Phytophthora infestans.

Tagairtí

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): ainneor” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-26.