Jump to content

Lámhach i gclub oíche Orlando

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
club oíche Pulse

Ar an 12 Meitheamh 2016, mharaigh Omar Mateen 49 duine agus ghortaigh sé 58 eile in ionsaí "sceimhlitheoireachta" - nó coir fuatha - i gclub oíche "Pulse" in Orlando, Florida, sna Stáit Aontaithe, an eachtra lámhaigh is measa a tharla i Meiriceá le cuimhne na ndaoine go dtí an lá sin.  

fís

Imeachtaí

Garda slándála ab ea Omar Saddiiqui Mateen, 29 bliain d'aois, as Fort Pierce, 120 míle as Orlando.[1]

Nuair a thosaigh Mateen ag dul as a chrann cumhachta, bhris póilíní isteach sa gclub oíche agus Marteen ag scaoileadh piléir le gialla a bhí gafa ansin aige. Thug an gunnadóir faoin ionsaí ar bhealach eagraithe agus rogha airm agus armlóin ina sheilbh.[2]

Naonúr póilíní a chuaigh i ngleic leis an ionsaitheoir agus gortaíodh duine acu nuair a bhuail piléar sa tsúil é.

SWAT Lenco BearCat

Scaoil oifigigh de chuid an Orlando Police Department (OPD) leis agus mharaigh siad an t-ionsaitheoir féin tar éis trí huaire de leamhsháinn.

Omar Mateen

Cúiseanna

“Sceimhlitheoireacht bhaile” a bhí i gceist san eachtra, a dúirt na póilíní ag an am. Ach dúirt lucht fiosraithe nach raibh aon fhianaise ann go raibh aon cheangal ag Omar Mateen i dteagmháil le grúpaí ar nós IS cé go ndúirt sé i nglaoch gutháin sular maraíodh é go raibh sé dílis don Stát Ioslamach mar a thugtar orthu.

Ligeadh saor Noor Salman, beanchéile Omar Mateen, níós déanaí. Ní raibh a dóthain fianaise ann chun Noor Salman a chur ar a trial. Bhí lucht fiosraithe ag iarraidh a fháil amach cad go díreach a bhí ar eolas ag Noor Salman faoi phlean a fir chéile chun ionsaí marfach a dhéanamh.

Iarmhairtí

Thug Uacharán Mheiriceá Barack Obama cuairt ar láthair na tubaiste in Orlando.    Cháin sé Donald Trump faoi go bhfuil sé ag moladh cosc a chur ar Mhoslamaigh teacht go Meiriceá.[3]

Ní nach ionadh bhí dlíthe gunnaí agus srianta ar inimircigh chun tosaigh arís sa díospóireacht pholaitiúil. Sa bhliain 2012, dúirt Obama go raibh gá ag an am le ‘gníomh suntasach’ i gcoinne na faidhbe seo, ollsléachtanna sna S.A. Tharla Lámhach Las Vegas (2017) an bhliain dár gcionn.

Féach freisin

Tagairtí

  1. "Omar Mateen" (as en) (2020-12-10). Wikipedia. 
  2. "50 marbh i sléacht i gclub oíche i Florida Mheiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-15.
  3. Nuacht RTÉ (2016-06-15). "Bean chéile ionsaitheoir Orlando á ceistiú ag poilíní" (as ga).