Jump to content

Gustav Radbruch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 12:14, 22 Samhain 2020 le TGcoa (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)

Acadóir dlí agus polaiteoir de chuid na Gearmáine ab ea Gustav Radbruch (a rugadh ar 21 Samhain 187823 Samhain 1949). Is fearr aithne air inniu mar fhealsamh dlí.[1]

Saol

Bhí Radbruch ina ollamh i ndámha an dlí in ollscoileanna éagsúla sa Ghearmáin ó 1904 go 1933.

Bhí Radbruch ina bhall Sóisialach Daonlathach den Reichstag ó 1920 go 1924. Bhí sé ina Aire Dlí agus Cirt ar an Reich faoi dhó (Deireadh Fómhair 1921 - Samhain 1922 agus Lúnasa 1923 go Samhain 1923).

Sa bhliain 1933, dhíbir na Naitsithe as a ollúnacht in Ollscoil Heidelberg é. Chuaigh sé isteach sa saol acadúil arís sa bhliain 1945. Ach fuair sé bás sula raibh sé in ann an dara eagrán dá leabhar is clúití, 𝙍𝙚𝙘𝙝𝙩𝙨𝙥𝙝𝙞𝙡𝙤𝙨𝙤𝙥𝙝𝙞𝙚 (a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1932) a chríochnú.

Fealsúnacht

Is fearr aithne ar Radbruch inniu mar fhealsamh dlí. Bhí tionchar mór ar dhlí na Gearmáine le trí cheathrú céid ag an dearcadh a chuir sé chun cinn i ndiaidh 1945 gur chóir neamhshuim a dhéanamh den dlí achtaithe má tá sé in éadan bunchoincheapa mar an gceartas agus an comhionannas.

Pléitear go minic ar thosaigh Radbruch ina phosaitíbheach dlí. Ach tharla athrú ní ba chaolchúisí ina fhealsúnacht dlí sna 1930/1940idí. De bharr réimeas coiriúil na Naitsithe, chríochnaigh Radbruch ina dhuine a bhí ar son an dlí aiceanta.

Tagairtí

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "Gustav Radbruch" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-22.