Jump to content

Éamonn Ó Dálaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Ba cheannasaí an Chéad Cathlán, de Dhrong Bhaile Átha Cliath, Óglaigh na hÉireann é Éamonn Ó Dálaigh (28 Feabhra, 18914 Bealtaine, 1916) le linn Éirí Amach na Cásca. Ba an ceannfort ab óige san éirí amach é.

Rugadh i gCathair Luimnigh é agus ba dheartháir óg é Chaitlín Ní Dhálaigh, bean Thomáis Uí Chléirigh, duine dos na taoisigh a d'eagraigh an t-Éirí Amach agus a shínigh Forógra na Poblachta a d'fhógraigh Poblacht na hÉireann ag tús an Éirí Amach. Ba bhall de Bhráithreachas na Poblachta (IRB) é agus b’uncail dó an sean-Fhiníneach Seán Ó Dálaigh a ghlac páirt in éirí amach na bhFíníní sa bhliain 1867.

Ghlac cathlán Uí Dhálaigh seilbh ar na hArdchúirteanna agus ar láthair eile ar an dtaobh iar-thuaisceart Bhaile Átha Cliath agus ba sa limistéar sin a bhí an chogaíocht is fíochmhaire an éirí amach. Ghéill an cathlán tar éis ceithre lá ar an 29ú lá d’Aibreán. Ba é tuairim a chathlán agus oifigigh Shasanacha a throid ina choinne araon gurbh ceannaire míleata den scoth é An Dálach.

I ndiaidh triail rúnda míleata, lámhaigh Arm na Breataine é ar an 4ú Bealtaine. Ní raibh sé ach 25 bliain d’aois ag an am.

Tagairtí