Club spóirt atá suite i mBarcelona, sa Chatalóin, agus sa Spáinn, is ea Futbol Club Barcelona a bunaíodh i 1899. Cé go bhfuil aithne ar an gclub mar gheall ar a fhoireann sacair, tá foirne gairmiúla i dtrí spórt eile acu - cispheil, liathróid láimhe agus haca rollála. Tugtar Barça ar an gclub chomh maith mar leasainm. Imríonn siad a gcuid cluichí sacair sa Nou Estadi del Futbol Club Barcelona (an Camp Nou), ceann de mhór-staideanna an domhain le hacmhainn 98,600. Ba chúl taca le náisiúnachas na Catalóine an club le linn deachtóireacht Franco, tréimhse ina rinneadh iarracht an Chatalóinis is siombail eile na Catalóine a chur faoi chois. Is é mana an chlub ná el Barça és més que un club, sé sin is níos mó ná club é an Barça.
Bhunaigh Éilvéiseach darb ainm Hans Kamper an club in éineacht le grúpa Sasanach sa bhliain 1899. Bhí Kamper chomh gafa sin le náisiúnachas na Catalóine gur athraigh sé a ainm go Joan Gamper. Ba chuid de na clubanna a bhunaigh an tsraith Spáinneach i 1928 iad in éineacht le Real Madrid agus Athletic Bilbao agus bhuaigh siad an chéad sraith i 1929. Bhuaigh an club an Corn Eorpach don chéad uair i 1992 i Wembley, Londain, i gcoinne Sampdoria na hIodáile. Ba é sin buaicphoine an ré órga faoina bhainisteoir agus iar-imreoir Ollainneach Johan Cruyff, tréimhse ina bhuaigh siad ceithre shraith náisiúnta i ndiaidh a chéile, ó 1991 go 1994. Bhuaigh siad Sraith na Seaimpíní don dara huair i bPáras i gcoinne Arsenal Shasana ar an 17 Bealtaine2006, cúpla seachtain tar éis sraith na Spáinne a bhuachaint don dara huair faoi stiúr Frank Rijkaard. Sa bhliain 2009, bhuaigh an club Copa del Rey, sraith na Spáinne, agus Sraith na Seaimpíní.