Jump to content

An Mhórsceir Bhacainneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ceann d'iontais na cruinne í an Mhórsceir Bhacainneach, an Great Barrier Reef. Tosaíonn sí taobh thoir thuaidh de Leithinis Rinn York in oirthuaisceart na hAstráile agus síneann sí 2,000 ciliméadar ó dheas le cósta Queensland.

An Mhórsceir Bhacainneach - Grianghraf Satailíte (NASA)

Tá tuairim is 23,000 ciliméadar cearnach ann ar fad. I ndáiríre ní sceir choiréil amháin atá ann ach na mílte acu, ar a laghad 3,000. Ina measc tá 600 oileán. Deirtear go bhfuil chuile dhath a d'fhéadfadh a bheith ann ar an uisce ina timpeall, turcaid anseo, gormghlas ansiúd agus in áiteacha eile é chomh gorm leis an bplúirín. Tá éagsúlacht éan, éisc agus ainmhithe ann nach bhfuil le fáil ach i gcorr-áit ar domhan. Meastar go bhfuil 200 saghas éin agus 5,500 saghas éisc ann agus níl a bhformhór sin le fáil in aon áit eile.

Turasóirí agus iascairí is mó a bhaineann leas as an sceir seo agus tá faitíos ar dhaoine anois go bhfuil iascairí ag déanamh dochair don éiceachóras leochaileach. Chomh maith leo sin, tá rudaí sa nádúr a dhéanann dochar di ó am go chéile. Go dtí seo is í crosóg na corónach deilgne is mó is cúis leis sin ó na seascaidí i leith, cé gur cosúil go bhfuil sí sin faoi smacht i láthair na huaire. Ina theannta sin, tá imní ar lucht taighde faoin ngealadh atá ag tarlú le tamall de bhlianta. Ceaptar go bhfuil baint ag téamh domhanda nó ag El Niño leis sin. Teimpléad:Link GA