Jump to content

Friedrich Wilhelm Argelander

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Bosca Sonraí Eolaí

Réalteolaí Gearmánach ab ea Friedrich Wilhelm August Argelander (1799-1875) a chaith tréimhse fhada ag obair san Fhionlainn, ó bhí lucht gaoil aige sa tír. Rinne sé taighde ar dhualghluaisne na réaltaí agus d'fhoilsigh sé réaltchatalóg thábhachtach, an Bonner Durchmusterung. Bhí sé ina cheannródaí ag áitiú ar na hamaitéaraigh réalteolaíochta cabhrú leis na réalteolaithe proifisiúnta. Thuig sé nach bhféadfadh na saineolaithe súil a choinneáil ar gach cearn den spéir agus go raibh a lán daoine amuigh a raibh spéis acu i bhfeiniméin na spéire, agus go bhféadfadh na hamaitéaraigh súil lucht na ceirde a tharraingt ar fhorbairtí suimiúla thuas ansin.