Minecraft
Cluiche ríomhaireachta is ea Minecraft, a ceapadh chun cruthaitheachta a cheadú trí dhomhan digiteach a chruthú. Scaoileadh é ar 17 Bealtaine, 2009. Dhear Markus Persson ("Notch" a thugtar air go hiondúil) agus Jens Bergensten an cluiche. Is as an tSualainn iad. Níl Minecraft críochnaithe ag an pointe seo, ach is leagan ‘béite’ é an leagan atá ar fáil. Is cluiche é atá dírithe ar thógáil, ag ligean imreoirí a struchtúir a thógáil amach as ciúbanna uigeach i ndomhan 3D. Tá a lán féidearthachtaí agus cuspóirí ag an imreoir, ach is féidir leo a roghnú féin a dhéanamh ar an rud ba mhaith leo a dhéanamh.
Is féidir an leagan 'clasaiceach' a imirt saor in aisce, ach má theastaíonn uait an cluiche a shábháil, caithfear an cluiche iomlán a cheannach. Faoi láthair, cosnaíonn Minecraft €14.95. Tá leagain don chluiche ar fáil ar chórais soghluaiste iOS agus Android chomh maith.
Léirmheasanna agus Duaiseanna
Fuair an cluiche ardmholadh agus duaiseanna eagsúla. Ar an 5 Lúnasa, 2011, bhí 11 milliún úsáideoirí cláraithe ar Minecraft, agus os cionn 3 milliún dóibh ceannaithe.
Naisc sheachtracha
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |