Jump to content

An Triúr Saoithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Triúr Saoithe ag tabhairt bronntanas don leanbh Íosa.

I dtraidisiún na Críostaíochta, tugtar an Triúr Saoithe (Gréigis: μάγοι, magoi) ar na ríthe a thaistil chuig Beitheal chun bronntanais a thabhairt don leanbh Íosa Críost. Ní luaitear iad ach i Soiscéal Mhatha amháin, ach cuimhnítear iad fós i gceiliúradh na Nollag.

Níor luaigh Matha cé mhéad rí a bhí ann ach oiread, ach dar leis an traidisiún bhí triúr ann mar gur trí bhronntanas a dáileadh: mar a bhí, ór, túis agus miorr.