Pobal seachas Brabús
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | PBP | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | an sóisialachas Trotscaíochas Eoraisceipteach | ||||
Ailíniú polaitíochta | eite chlé | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | Deireadh Fómhair 2005 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | https://www.pbp.ie | ||||
Is páirtí polaitiúil Éireannach é Pobal seachas Brabús nó an Comhaontas Pobal seachas Brabús uaireanta.[1][2] Tá sé comhdhéanta de bhaill de chuid na heite clé i bPoblacht na hÉireann agus Tuaisceart na hÉireann, a cuireadh ar bun i nDeireadh Fómhair na bliana 2005. Comhghuaillíocht ghinearálta chlé atá ann, atá i gcoinne an nua-liobrálachais, na cogaíochta ach níl ar bhaill bheith ina Marxaigh. Ar na baill tá Richard Boyd Barrett.
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla aighneas sa Dáil i mí na Bealtaine 2024 le linn na díospóireachta ar rún a bhí curtha os comhair na Dála ag Pobal seachas Brabús maidir le neodracht na hÉireann agus 'na trí ghlas'.[3] Chocáil Seán Fleming, Fianna Fáil, a mhéar le Teachtaí Dála Phobal seachas Brabús agus dúirt trí huaire gur maidríní lathaí ag Vladimir Putin a bhí iontu.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ tearma.ie. ""An Comhaontas Pobal seachas Brabús"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2024-06-05.
- ↑ Uaireanta tugtar Pobal roimh Bhrabús nó fiú Daoine roimh Bhrabús ar an bpáirtí. Béarla: People Before Profit nó People Before Profit Alliance uaireanta. Is é "People Before Profit " atá curtha in iúl ar an suíomh pbp.ie
- ↑ De réir 'phrótacail na dtrí ghlas', caithfidh Rialtas na hÉireann, Dáil Éireann agus na Náisiúin Aontaithe, caithfidh siad ar fad a mbeannacht a thabhairt sula gcuirtear Óglaigh na hÉireann ar fiannas thar lear. Ar an 30 Aibreán 2024 dhearbhaigh an Taoiseach Simon Harris sa Dáil go raibh an Rialtas meáite ar phrótacail na dtrí ghlas a athrú.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-29). "'Pobal Roimh Bhrabús ina maidríní lathaí ag Putin' – Aire Stáit" (as ga-IE).