Paul Givan
Is feisire Stormont é Paul Givan (a rugadh ar 12 Deireadh Fómhair 1981) do thoghcheantar Ghleann an Lagáin i dTuaisceart Éireann.
I mí an Mheithimh 2021, bhí Givan ainmnithe mar Chéad-Aire an Tuaiscirt ag ceannaire an DUP Edwin Poots. D'éirigh go leor comhaltaí sinsearacha den DUP as an bpáirtí ag an am sin - ionadaithe tofa ina measc - tar éis do Edwin Poots agus a lucht tacaíochta an ruaig a chur ar Arlene Foster.[1] D'éirigh Givan as a ról mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann ar 3 Feabhra 2022.
Gairm
Tá Paul Givan ina bhall tionóil ó 2010, nuair a ceapadh é in áit Jeffrey Donaldson a toghadh ina fheisire parlaiminte.
Baineann Givan leis an eite choimeádach chéanna den DUP le Edwin Poots, ar chabhraigh Givan leis sa toghchán ceannaireachta sa pháirtí sa bhliain 2021.[2]
Thacaigh Givan cheana le múineadh an chruthaíochtachais i scoileanna.
Ceapadh Givan mar Aire Pobal sa bhliain 2016.
Céad-Aire Thuaisceart Éireann
D'éirigh Givan as mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann ar 3 Feabhra 2022.. Bhí an cinneadh seo ceangailte le hagóid leanúnach an DUP i gcoinne phrótacal Thuaisceart Éireann. Roimhe seo, d’ordaigh an tAire Talmhaíochta, Edwin Poots, cosc ar sheiceálacha iar-Brexit ag calafoirt an Tuaiscirt .[3]
Gaeilge
In 2016, chinn Paul Givan, mar Aire Pobal, deireadh a chur leis an sparánacht Ghaeltachta Líofa in ainneoin gur chuir oifigeach sinsearach ina Roinn ar a shúile dó go bhféadfadh a leithéid de chinneadh droch-cháil a tharraingt air sna meáin chumarsáide.[4]
Ansin bhí baint ag an gcinneadh eo a rinne Givan leis an aighneas idir Sinn Féin agus an DUP ó 2016 ar aghaidh; ba chúis é le titim an fheidhmeannais i Stormont sa bhliain 2017. Chuir an cinneadh deireadh a chur leis an sparánacht Ghaeltachta déistin ar phobal na Gaeilge.[5]
Dearcadh nua i 2021
Bhí imní ar roinnt daoine go gcuirfí Feidhmeannas Stormont i mbaol arís sa bhliain 2021 dá gceapfaí Paul Givan ina chéad-aire. Ach bhí gealltanais tugtha ag ceannairí nua an DUP go dtabharfadh siad isteach an reachtaíocht teanga a gealladh sa chomhaontú faoinar athbhunaíodh Stormont, Ré Nua, Cur Chuige Nua (New Decade, New Approach).[2]
Chosain Paul Givan fiú an reachtaíocht teanga ó aontachtóirí a mhaígh gurb amhlaidh go raibh Edwin Poots agus an DUP ag géilleadh go bog don éileamh ar acht Gaeilge.
Tagairtí
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-06-08). "Paul Givan ainmnithe mar Chéad-Aire ó thuaidh" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 "Paul Givan le teacht i gcomharbacht ar Arlene Foster mar Chéad-Aire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-11.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (5/2/2022). "5 Feabhra 2022 (Baile Átha Cliath) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-02-13.
- ↑ "Fáilte curtha roimh fhiosrúchán faoi chinneadh Paul Givan deireadh a chur le sparánacht Líofa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-11.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2017). "Sparánacht ‘Líofa’ curtha ar fáil arís ag Givan ach ‘an dochar déanta’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-11.