Futbol Club Barcelona
Éidí | |||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| |||||||||||||||||||||
Dathanna: | Gorm - Marún |
Club spóirt atá suite i mBarcelona, sa Chatalóin, agus sa Spáinn, is ea Futbol Club Barcelona a bunaíodh i 1899. Cé go bhfuil aithne ar an gclub mar gheall ar a fhoireann sacair, tá foirne gairmiúla i dtrí spórt eile acu - cispheil, liathróid láimhe agus haca rollála. Tugtar Barça ar an gclub chomh maith mar leasainm. Imríonn siad a gcuid cluichí sacair sa Nou Estadi del Futbol Club Barcelona (an Camp Nou), ceann de mhór-staideanna an domhain le hacmhainn 98,600. Ba chúl taca le náisiúnachas na Catalóine an club le linn deachtóireacht Franco, tréimhse ina rinneadh iarracht an Chatalóinis is siombail eile na Catalóil tá Barcelona tar éis pleananna a nochtadh le haghaidh staidiam nua iontach chun a n-bhaile reatha Camp Nou a fheabhsú agus cumas a thabhairt do níos mó ná 100,000 lucht leanúna. Osclaíodh an Camp Nou i 1957 agus tá spás ann do 99,354 lucht féachana faoi láthair.ne a chur faoi chois. Is é mana an chlub ná el Barça és més que un club, sé sin is níos mó ná club é an Barça.
Bhunaigh Éilvéiseach darb ainm Hans Kamper an club in éineacht le grúpa Sasanach sa bhliain 1899. Bhí Kamper chomh gafa sin le náisiúnachas na Catalóine gur athraigh sé a ainm go Joan Gamper. Ba chuid de na clubanna a bhunaigh an tsraith Spáinneach i 1928 iad in éineacht le Real Madrid agus Athletic Bilbao agus bhuaigh siad an chéad sraith i 1929. Bhuaigh an club an Corn Eorpach don chéad uair i 1992 i Wembley, Londain, i gcoinne Sampdoria na hIodáile. Ba é sin buaicphoine an ré órga faoina bhainisteoir agus iar-imreoir Ollainneach Johan Cruyff, tréimhse ina bhuaigh siad ceithre shraith náisiúnta i ndiaidh a chéile, ó 1991 go 1994. Bhuaigh siad Sraith na Seaimpíní don dara huair i bPáras i gcoinne Arsenal Shasana ar an 17 Bealtaine 2006, cúpla seachtain tar éis sraith na Spáinne a bhuachaint don dara huair faoi stiúr Frank Rijkaard. Sa bhliain 2009, bhuaigh an club Copa del Rey, sraith na Spáinne, agus Sraith na Seaimpíní.
Geansaí peile agus urraíocht.
Period | Kit supplier | Shirt main sponsor | Shirt sub sponsor |
1899–1982 | None | None | None |
1982–1992 | Meyba | ||
1992–1998 | Kappa | ||
1998–2006 | Nike | ||
2006–2011 | UNICEF | ||
2011–2013 | Qatar Foundation | UNICEF | |
2013–2014 | Qatar Airways | ||
2014–2017 | Beko & UNICEF | ||
2017– | Rakuten |
Caithfidh an fhoireann lógó UNICEF, ní mar gheall ar aon táille a íocadh, ach toisc go seasann an club gualainn ar ghualainn le UNICEF inár dtiomantas do pháistí an domhain.
Go dtí seo, thug an comhpháirtíocht € 19 milliún ar ioncam do chláir UNICEF a fheabhsaíonn saol do leanaí ar fud an domhain. In 2016, dhoimhnigh UNICEF an comhpháirtíocht le FC Barcelona le tuilleadh roghanna a iniúchadh chun cumhacht an spóirt a úsáid chun torthaí inbhuanaithe agus scála mór do leanaí a sheachadadh.
Duaiseanna
Type | Competition | Titles | Seasons |
Domestic | La Liga | 26 | 1929, 1944–45, 1947–48, 1948–49, 1951–52, 1952–53, 1958–59, 1959–60, 1973–74, 1984–85, 1990–91, 1991–92, 1992–93, 1993–94, 1997–98, 1998–99, 2004–05, 2005–06, 2008–09, 2009–10, 2010–11, 2012–13, 2014–15, 2015–16, 2017–18, 2018-19 |
Copa del Rey | 30 | 1909–10, 1911–12, 1912–13, 1919–20, 1921–22, 1924–25, 1925–26, 1927–28, 1941–42, 1950–51, 1951–52, 1952–53, 1956–57, 1958–59, 1962–63, 1967–68, 1970–71, 1977–78, 1980–81, 1982–83, 1987–88, 1989–90, 1996–97, 1997–98, 2008–09, 2011–12, 2014–15, 2015–16, 2016–17, 2017–18 | |
Supercopa de España | 13 | 1983, 1991, 1992, 1994, 1996, 2005, 2006, 2009, 2010, 2011, 2013, 2016, 2018 | |
Copa Eva Duarte | 3 | 1948, 1952, 1953 | |
Copa de la Liga | 2 | 1983, 1986 | |
European | UEFA Champions League | 5 | 1991–92, 2005–06, 2008–09, 2010–11, 2014–15 |
UEFA Cup Winners' Cup | 4 | 1978–79, 1981–82, 1988–89, 1996–97 | |
UEFA Super Cup | 5S | 1992, 1997, 2009, 2011, 2015 | |
Inter-Cities Fairs Cup | 3 | 1955–58, 1958–60, 1965–66 | |
Worldwide | FIFA Club World Cup | 3 | 2009, 2011, 2015 |
Foireann
An scuad faoi láthair (2021-2022)
|