An Eoraip
Is ilchríoch í an Eoraip, leis na teorainn seo a leanas aici: an tAigéan Atlantach thiar, an tAigéan Artach ar an taobh thuaidh, an Úral agus Sléibhte na hÚraile thoir, Sléibhte na Cugaise agus an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir theas, agus an Mheánmhuir ó dheas. Agus an Áise á thógáil san áireamh freisin, is féidir oll-ilchríoch na hEoráise a aithint.
An Eoraip | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Europa | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 747,636,045 (2020) | ||||
• Dlús | 73.4 hab./km² | ||||
Déamainm | Eorpach | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Eoráise Domhan Ostfeste (en) an Afrai-Eoráise | ||||
Achar dromchla | 10,186,000 km² | ||||
Pointe is airde | Mount Elbrus (en) (5,642 m) | ||||
Pointe is ísle | Muir Chaisp (−28 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .eu |
Tá cónaí ar 742,452,000 duine san Eoraip, agus tá timpeall 50 tír neamhspleách ann. Ó mí Iúil 2013 ar aghaidh, tá 28 acusan cheana féin san Aontas Eorpach, agus ar a laghad trí gcinn ag brath ar dhul isteach i mbeagán blianta. Déanann institiúid an Aontais a ngnó i 20 teanga, ach tá go leor mionteangacha eile cheana féin san Aontas.
Ba san Eoraip a thosaigh cuid de mhórimpreachtaí an domhain. Leath cumhacht na Gréige, agus na Róimhe ina diaidh, ar fud cuid mhór den Eoraip, maraon le tuaisceart na hAfraice agus iarthar na hÁise. Ón gcéad aistear a rinne Criostóir Colambas chun an domhain nua don Spáinn, thóg an tír sin agus tíortha nach é seilbh de réir a chéile ar Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas. Thóg tíortha eile ar nós na Breataine, na Portaingéile, na nÍsiltír, na Gearmáine agus na Beilge seilbh freisin ar chuid mhór desna na mór-roinne eile. Leath an Rúis ó Mhoscó siar go dtí an Mhuir Bhailt, soir chomh fada leis an Aigéin Ciúin, agus ó dheas go dtí an Mhuir Dhubh, Sléibhte na Cugaise, agus an Mhongóil. Ní ach ag deireadh an 19ú haois ar aghaidh go dtí lár an 20ú haois a fuair mórán de choilíneachtaí na hEorpa a saoirse arís, cé go bhfuair cuid mhór de Thuaisceart Mheiriceá (Stáit Aontaithe Mheiriceá) a saoirse i 1775. Tá cumhacht airgeadach agus míleata ag an Eoraip i gcúrsaí an domhain, ach is beag é le hais chumhacht SAM nó, go dtí 1989, cumhacht an Aontais Shóivéadaigh. Ach le bunú an Chómhargaidh Eorpaigh, agus a chomharba an tAontas Eorpach, ceapann go leor go dtiocfaidh neart géilleagrach agus míleata arís chun na hEorpa, mar gur mó anois é a dhaonra ná daonra SAM nó an Aontais Shóivéadaigh mar a bhí, nó na Rúise an lá atá inniu ann.
Liosta tíortha Eorpacha
cuir in eagarIs san Eoraip atá na tíortha seo leanas:
- Andóra
- An Bheilg (ball den AE)
- An Bhealarúis
- An Bhoisnia-Heirseagaivéin
- An Bhulgáir (ball den AE)
- An Chipir (ball den AE)
- An Chosaiv
- An Chróit (ball den AE)
- An Danmhairg (ball den AE)
- An Eastóin (ball den AE)
- An Eilvéis
- Éire (Poblacht) (ball den AE)
- An Fhionlainn (ball den AE)
- An Fhrainc (ball den AE)
- An Ghearmáin (ball den AE)
- An Ghréig (ball den AE)
- An Iodáil (ball den AE)
- An Iorua
- An Íoslainn
- An Ísiltír (ball den AE)
- An Laitvia (ball den AE)
- An Lichtinstéin
- An Liotuáin (ball den AE)
- Lucsamburg (ball den AE)
- Málta (ball den AE)
- Montainéagró
- An Mhacadóin Thuaidh
- An Mholdóiv
- Monacó
- An Ostair (ball den AE)
- An Pholainn (ball den AE)
- An Phortaingéil (ball den AE)
- An Ríocht Aontaithe
- An Rómáin (ball den AE)
- An Rúis
- San Mairíne
- An Spáinn (ball den AE)
- Poblacht na Seice (ball den AE)
- An tSeirbia
- An tSlóivéin (ball den AE)
- an tSlóvaic (ball den AE)
- An tSualainn (ball den AE)
- An Úcráin
- An Ungáir (ball den AE)
- An Vatacáin
Polaitíocht
cuir in eagarAinm | Príomhcathair | Achar (km2 ) | Daonra | Ainm sna teangacha oifigúla |
---|---|---|---|---|
Albáin | Tiorána | 28,748 | 2,831,741 | Shqipëria |
Airméin | Eireaván | 29,800 | 3,229,900 | Hayastan |
Andóra | Andóra La Ḃella | 468 | 68,403 | Andorra |
Asarbaiseáin | Baci | 86,600 | 9,165,000 | Azǝrbaycan |
An Bheilg | An Bhruiséil | 30,528 | 11,007,000 | België/Belgique/Belgien |
An Bhealarúis | Mínsc | 207,560 | 9,458,000 | Belarus |
Boisnia-Heirseagaivéin | Sairéavó | 51,129 | 3,843,126 | Bosna i Hercegovina |
An Bhulgáir | Sóifia | 110,910 | 7,621,337 | Bălgarija |
Cathair na Vatacáine | Cathair na Vatacáine | 0.44 | 900 | Città del Vaticano/Civitas Vaticana |
An Chipir | Leafcóís | 9,251 | 788,457 | Kýpros/Kıbrıs |
An Chosaiv | Pristína | 10,887 | 1,859,203 | Kosovë/Kosovo |
An Chróit | Ságrab | 56,542 | 4,437,460 | Hrvatska |
An Danmhairg | Cóbanháṁan | 43,094 | 5,564,219 | Danmark |
An Eastóin | Taillinn | 45,226 | 1,340,194 | Eesti |
An Eilvéis | Beirn | 41,290 | 7,507,000 | Schweiz/Suisse/Svizzera/Svizra |
Éire | Baile Átha Cliath | 70,280 | 4,234,925 | Éire |
An Fhionlainn | Heilsincí | 336,593 | 5,157,537 | Suomi/Finland |
An Fhrainc | Páras | 547,030 | 66,104,000 | France |
An Ghearmáin | Beirlín | 357,021 | 80,716,000 | Deutschland |
An Ghréig | An Aithin | 131,957 | 11,123,034 | Elláda |
An Iodáil | An Róimh | 301,230 | 59,530,464 | Italia |
An Iorua | Osló | 385,178 | 5,018,836 | Norge/Noreg |
An Íoslainn | Réicivíc | 103,000 | 307,261 | Ísland |
An Ísiltír | Amstardam | 41,526 | 16,902,103 | Nederland |
An Laitvia | Ríge | 64,589 | 2,067,900 | Latvija |
Lichtinstéin | Vadús | 160 | 32,842 | Liechtenstein |
An Liotuáin | Vilnias | 65,200 | 2,988,400 | Lietuva |
Lucsamburg | Lucsamburg | 2,586 | 448,569 | Lëtzebuerg/Luxemburg/Luxembourg |
Málta | Vaileite | 316 | 397,499 | Malta |
Montainéagró | Podgairítse | 13,812 | 616,258 | Crna Gora |
An Mhacadóin Thuaidh | Scóipé | 25,713 | 2,054,800 | Makedonija |
An Mholdóiv | Císineá | 33,843 | 4,434,547 | Moldova |
Monacó | Monacó | 1.95 | 31,987 | Monaco |
An Ostair | Ṁín | 83,858 | 8,169,929 | Österreich |
An Pholainn | Ṁársá | 312,685 | 38,625,478 | Polska |
An Phortaingéil | Liospóin | 91,568 | 10,409,995 | Portugal |
An Ríocht Aontaithe | Londain | 244,820 | 64,105,654 | United Kingdom |
An Rómáin | Búcairist | 238,391 | 21,698,181 | România |
An Rúis | Moscó | 17,075,400 | 143,975,923 | Rossiya |
San Mairíne | Cathair San Mairíne | 61 | 27,730 | San Marino |
An Spáinn | Maidrid | 504,851 | 47,059,533 | España |
Poblacht na Seice | Prág | 78,866 | 10,256,760 | Česko |
An tSeirbia | Béalgrád | 88,361 | 7,120,666 | Srbija |
An tSeoirsia | Tbilisi | 69,700 | 4,661,473 | Sakartvelo |
An tSlóivéin | Liúibleána | 20,273 | 2,050,189 | Slovenija |
An tSlóvaic | An Bhratasláiv | 48,845 | 5,422,366 | Slovensko |
An tSualainn | Stócólm | 449,964 | 9,090,113 | Sverige |
An Tuirc | Ancara | 783,562 | 77,695,904 | Türkiye |
An Úcráin | Cíṁ | 603,700 | 45,360,000 | Ukrajina |
An Ungáir | Búdaipeist | 93,030 | 10,075,034 | Magyarország |
Féach freisin
cuir in eagarMór-ranna an Domhain | ||||||
---|---|---|---|---|---|---|
An Afraic |
An Aigéine |
An Áise |
Antartaice |
An Eoraip |
Meiriceá Theas |
Meiriceá Thuaidh |