Barack Obama
Ba é Barack Hussein Obama II (a rugadh ar 4 Lúnasa, 1961) 44ú hUachtarán na Stát Aontaithe.
Tháinig Obama i gcomharbacht ar George W. Bush sa bhliain 2009. Is é Obama an t-aon duine gorm a toghadh mar Uachtarán agus ba é an t-aon seanadóir gorm sa Seanad sa téarma faoi dheireadh agus an cúigiú Seanadóir gorm i stair Mheiriceá.[1]
Ar an 9 Deireadh Fómhair 2009, bronnadh Duais Nobel na Síochána air.
Óige
cuir in eagarSaolaíodh Barack Obama sa bhliain 1961 in Honolulu, Haváí (agus é ar an chéad uachtarán a tháinig chun saoil ar an oileán siúd).
Eacnamaí ón Chéinia ó dhúchas i bhí ina athair Barack Obama sinsear agus antraipeolaí Mheiriceánach a bhí ina mháthair Stanley Ann Dunham. Chuir an bheirt aithne ar a chéile den chéad uair agus iad ag staidéar na Rúisise ag Ollscoil Haváí thiar sa bhliain 1960.
Phós siad in Maui ar an 2 Feabhra 1961 ach níorbh fhada gur bhog a mháthair soir go Meiriceá chun freastal ar Ollscoil Washington in Seattle ar feadh bliain amháin, agus a mac óg in éineacht léi. Agus céim san eacnamaíocht bainte amach ag Barack sinsear in Haváí, bronnadh scoláireacht air chun cur lena chuid oideachais in Ollscoil Harvard. Fuair na tuismitheoirí colscaradh sa bhliain 1964.
D'fhill Barack sinsear ar a thír dhúchais sa bhliain chéanna, áit inar phós sé in athuair. Níor thug sé riamh ach aon chuairt amháin ar a mhac agus é ag éirí aníos ar Haváí. Fuair sé bás tobann i dtimpiste bhóthair sa bhliain 1984.
Beartais
cuir in eagarTheastaigh Obama sa bhliain 2008 deireadh leis an gcogadh san Iaráic, laghdú i dtionchar corparáideach, nascanna níos fearr le níos mó rialtais eachtrannacha, clár gníomhaíochta comhshaoil níos fearr, seirbhís sláinte chomhchoitianta agus aontú agus deireadh le polarú polaitiúil an náisiúin uaidh.
Is mór an bhéim a chuir Obama ag an am sin ar "athrú" agus "dóchas". Dúirt sé i 2008 go mbeadh sé in ann an scoilt idir stáit dhearga (Choimeádacha) agus ghorma (Liobrálacha) a réiteach.
Bhí an Géarchéim airgeadais 2007-2008 faoi lánseol nuair a toghadh Barack Obama don chéad uair mar uachtarán. Nuair a tháinig an rialtas nua ag tús na bliana 2009, cuireadh pacáiste ollmhór i bhfeidhm láithreach leis an ngeilleagar a spreagadh. Is mór idir é seo agus na polasaithe fioscacha san Eoraip ag an am, beartais déine.
Tugadh isteadh reachtaíocht tábhachtach sa bhliain 2010, an Affordable Care Act[3] nó 'Obamacare'.[4]
Toghcháin
cuir in eagarFeachtas sa toghchán uachtaránachta
cuir in eagarDúirt Obama go mbeadh sé ina iarrthóir don Uachtaránacht ar 10 Feabhra 2007. Ar 3 Eanáir 2008 bhuaigh Obama an chéad vótáil stáit chun an iarrthóir Daonlathach a roghnú in Iowa, le 38% den vóta, 8% níos mó ná John Edwards agus Hillary Clinton sa dara agus tríú háit. Thug an bua móiminteam dó, ach chaill sé ar 8 Eanáir i New Hampshire. Bhuaigh Clinton Nevada agus Obama Carolina Theas tar éis seo. Roinn siad na vótaí ar 6 Feabhra ach bhuaigh Obama 11 toghchán stáit as a chéile ina dhiaidh sin. Bhí an bua ag Obama faoi 3 Meitheamh.
Ba iad Obama agus John McCain, rogha an Pháirtí Phoblachtaigh, na hiarrthóirí is mó sa toghchán ginearálta. Roghnaigh Obama Joe Biden mar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh phost an Leas-Uachtaráin.
Toghchán 2008
cuir in eagarD'fhan Obama chun cinn ar McCain sna pobalbhreitheanna suas go dtí lá an toghcháin agus ní raibh sé i bhfad tar éis dhúnadh na lárionaid vótála go raibh na meáin chumarsáíde ag fógairt bua Obama.
Toghchán 2012
cuir in eagarD'fhógair Obama go raibh sé ag seasamh don dara téarma mar uachtarán ar 4 Aibreán 2011. Níor sheas aon duine eile sa Pháirtí Daonlathach ina choinne, beagnach. Fuair sé an t-ainmniúchán féin ag cruinniú náisiúnta na nDaonlathach in Charlotte, Carolina Thuaidh, in éineacht le Joe Biden mar leasuachtarán. Bill Clinton, iaruachtarán, a d'ainmnigh iad beirt go hoifigiúil. Ar an 6 Samhain 2012 fuair Obama an bua ar Mitt Romney sa toghchán náisiúnta. Thosaigh an dara théarma ar an 20 Eanáir 2013.
Saol pearsanta
cuir in eagarPhós Obama sa bhliain 1992 agus tá beirt iníon aige.
Tá leabhair mór-ráchairte scríofa ag Obama, Dreams from my Father,[5] faoina óige, agus The Audacity of Hope, faoina smaointí féin maidir leis an bpolaitíocht sna Stáit Aontaithe.
Sa bhliain 2020, foilsíodh an dírbheathaisnéis, A Promised Land.[6]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "BBC News - Profile: Barack Obama". BBC.
- ↑ "Raja Krishnamoorthi" (as en) (2021-07-21). Wikipedia.
- ↑ "Affordable Care Act" (as en) (2021-07-22). Wikipedia.
- ↑ Máirtín Ó Catháin (2017). "Fear de bhunadh Chonamara ag seasamh an fhóid d’Obamacare i gcoinne Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-04.
- ↑ 5.0 5.1 "Dreams from My Father" (as en) (2021-07-21). Wikipedia.
- ↑ "A Promised Land" (as en) (2021-07-19). Wikipedia.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- President Barack Obama Curtha i gcartlann 2009-01-22 ar an Wayback Machine Suíomh oifigiúil an Tí Bháin
- An suíomh gréasáin dá fheachtas uachtaránachta