Ardeaglais Notre Dame
Ardeaglais Chaitliceach atá suite i lár Pháras na Fraince í Notre Dame de Paris ("Muire Mháthair Pháras").Tá an ardeaglais mheánaoiseach Ghotach ar bhruach an Seine ar cheann de na radharcanna is sainiúla agus is diamhaire i bpríomhchathair na Fraince agus í ar cheann de na láithreacha turasóireachta is mó san Eoraip.
Ar an Île de la Cité féin, os coinne an ghréasáin Ghotaigh chloiche is Notre Dame ann, tá compás cré-umha suite sna clocha pábhála. Ón áit seo – pointe neamhní – a thomhaistear an fad ó Pháras.[1]
Tubaiste
cuir in eagarAr an 15 Aibreán 2019, chuaigh Notre Dame trí thine. Bhí an choróin dheilgneach a deirtear a bhí ar Íosa agus ionar Naomh Louis i measc na seoda a tugadh slán ón tine.[2]
Thosaigh an tubaiste trí thimpiste le linn obair athchóirithe a bhí ar siúl ar an eaglais.[3] Sa bhliain 2018, chuir an eaglais Chailiceach tús le feachtas bailithe airgid chun Notre Dame, a bhí ag tabhairt uaithi, a "tharrtháil".
I ndiaidh na tubaiste sa bhliain 2019, d’fhógair Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, feachtas idirnáisiúnta bailithe airgid chun íoc as an atógáil. Sna laethanta dár gcionn, bhí na céadta milliún euro geallta ag daoine leis an gcostas atógála a chlúdach. Mar shampla, dúirt an billiúnaí Francach Bernard Arnaultgo dtabharfadh sé féin, a theaghlach agus an t-ilchomhlacht táirgí só, LVMH a bhfuil sé ina cheannas, €200 milliún le haghaidh na hatógála.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Coimisiún na Scrúduithe Stáit (2015). "SCRÚDÚ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA, 2015". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-16. Dáta rochtana: 2019.
- ↑ "Na ‘seoda ba luachmhaire’ in Notre Dame sábháilte" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-27.
- ↑ "Ardeaglais Notre Dame i bPáras trí thine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-16.